Faire, sochraid agus pósadh gan iarraidh


Ní go réidh a scaoileann muid lenár laochra. Is tréith láidir threibheach sa gcine ar fud an domhain é.

Cuimhnigh go raibh ar rialtas Mheiriceá corp Abraham Lincoln a bhogadh agus a athchur níos mó ná seacht n-uaire lena chosaint ó ghadaíocht scabhaitéirí agus óna lucht leanúna rófhiosrach féin.

Tá muidne Éireannaigh an-tugtha don bhfaire agus don tsochraid mar athdheimhniú ar aontacht chultúrtha na comharsanachta.

Ba thráthúil, mar sin, gur thosaigh comóradh oifigiúil na bliana 1916 le cineál faire thart ar uaigh Uí Dhonabháin Rossa.

READ MORE

Is fada ó chruinnigh an oiread sin daoine thart ar an láthair phoblachtach i reilig Ghlas Naíon ach, go tobann, ag an deireadh seachtaine ní faire amháin ach dhá fhaire agus sochraid a fuaireamar.

Ní foláir ná go mbeadh an sean-Fhínín é féin an-sásta leis an gcomóradh a rinne an Stát taobh amuigh den leid in óráid fhear an tí gur chríochnaigh Rossa mar dhuine a d’aithin sa deireadh buntáistí i modhanna síochánta an Pháirtí Rialtas Dúchais.

Nuair a lean an searmanas le hóráid Mhic Phiarais, bhain an focal “unrepentant” macalla as na tuamaí thart timpeall.

Ach an cheist a bhí á cur ná cad é a bhí ar siúl ag Sinn Féin? Ghlac ceannairí Shinn Féin páirt sa searmanas Stáit fad is a bhí léiriúchán Cecil B. de Mills dá gcuid féin á ullmhú i Halla na Cathrach.

Chuir Sinn Féin léiriú drámatúil ar shochraid Rossa i láthair as Halla na Cathrach go dtí an uaigh agus bhí an dara searmanas acu ansin.

Nár leor comóradh an Stáit?

Chuir an Teachta Dála Éamonn Ó Cuív (FF), garmhac le Dev, ina leith go raibh siad ag eagrú clár iomlán cuimhneacháin in iomaíocht le clár imeachtaí an Stáit.

Séanann Sinn Féin é sin. Is léir, áfach, nach bhfuil muinín acu as an meon a léirigh lucht eagrúcháin chomóradh an Stáit sa chéad chlár cuimhneacháin a foilsíodh – clár áiféiseach a tharraing cáineadh agus raic ó gach taobh air.

Ach leag an Cuíveach méar ar mheon i Sinn Féin a ghoilleann go mór ar Fhianna Fáil go háirithe; is é sin go measann cuid mhór de bhaill Shinn Féin gurb acusan amháin atá an fíorchreideamh poblachtach.

Is léir ar an dá shearmanas éagsúla go raibh an ceart ag an bPiarsach: tá "na huaigheanna seo" ag tógáil raice go fóill! 'Freakshow' Le tamall, tá cogar mogar ar siúl i bhFine Gael agus, más fíor, i bhFianna Fáil faoina dtarlóidh tar éis toghcháin má bhíonn gá le comhrialtas nua. Chuir toradh na pobalbhreithe is deireanaí leis an gcogar mogar sin nuair a chonacthas titim eile i dtacaíocht Fhine Gael.

Is beag rud a dhíríonn intinn duine ar cheisteanna tábhachtacha an tsaoil ná radharc na croiche agus tá polaiteoirí Fhine Gael ag stánadh uirthi faoi láthair.

Ní leor an tacaíocht atá á léiriú chun an comhrialtas seo a atoghadh. Mar sin, bheadh sé le ciall go raibh cuid den mballraíocht ag caint eatarthu féin ar pháirtnéir eile a fháil tar éis an toghcháin.

Cead ag Enda agus ag Brian Hayes a mhaíomh nach bhfuil aon rún eile ag Fine Gael ach filleadh ar rialtas lena gcara, Páirtí an Lucht Oibre, ach tá a fhios ag an saol mór nach mar sin a thitfidh cúrsaí amach.

Tá an cheist doshamhlaithe á plé (go han-chiúin mar níor mhaith leo cur as don Lucht Oibre) an féidir teacht ar shocrú le Fianna Fáil?

San am céanna, tá daoine áirithe i bhFianna Fáil a bhfuil boladh na cumhachta faighte acu. Go traidisiúnta, is ionann sin le polaiteoir Fhianna Fáil agus tairiscint instealladh cócaoin d’andúileach.

Ar ndóigh, tá baill eile d’Fhianna Fáil ann a chreideann gurbh fhearr fanacht as rialtas go dtí an chéad toghchán eile ar dhá chúis. Go príomha chun breis ama a chur idir an pobal agus páirt Fhianna Fáil i mbriseadh eacnamaíoch an Stáit agus freisin chun Sinn Féin a choinneáil amach as an ról mar phríomhfhreasúra na Dála.

Ach rogha an dá dhíogha a bheidh ann, dar leo. Arbh fhearr Sinn Féin a ligint isteach i rialtas?

Bí cinnte den méid seo: déanfaidh Enda Kenny agus Fine Gael aon rud, is cuma cén íobairt a dhéanfar, chun Sinn Féin a choinneáil amach as cumhacht. Nuair a labhair Kenny faoin “freakshow” polaitiúil ar eite chlé na Dála, ní focail le gaoth ná le micreafón fánach preasa a bhí iontu.

Creideann sé é sin.