Deisbhéalach sna Déise – molann an tUachtarán Gaeltacht Phort Láirge

Uachtarán ar cuairt sa Rinn


Tháinig an tUachtarán Micheál D. Ó hUiginn go hiarthar Phort Láirge i gceartlár Ghaeltacht na nDéise chun Leabharlann de Hindeberg i gColáiste na Rinne a oscailt.

Leabharlann taighde is ea í seo le thart ar 6,000 leabhar clóbhuailte inti agus 20 lámhscríbinn Ghaeilge chomh maith le 1,000 grianghraf. Ceaptar gurb í an leabharlann is mó í ina bhfuil scríbhinní na nDéise ar fáil.

Agus tá breis agus 600 uair an chloig cainte i gcartlann fuaime inti agus is í an chartlann seo an ceann is mó de Ghaelainne na nDéise ar domhan.

Cuireadh síol na leabharlainne i 1916 – geall le 100 bliain ó shin – agus tá muintir Choláiste na Rinne ag déanamh cúraim den síol sin ó shin i leith.

READ MORE

Bhailigh an pobal le chéile sa halla mór chun éisteacht leis an Uachtarán. Bhí múinteoirí Gaeilge bunscoile agus meánscoile ann, áisitheoirí teanga, urlabhraithe ar son na n-iascairí, tionscnóirí áitiúla, riarthóirí oifige, craoltóirí, scríbhneoirí, iriseoirí, ealaíontóirí, polaiteoirí, bainisteoirí agus mná tí. Bhí páistí agus daoine óga i láthair chomh maith.

Rinne an tUachtarán caint a thug misneach don bpobal: “Níl aon stiogma, ceangailte le bochtanas agus eisimirce, á iompar ag an nGaeilge níos mó. Creidim gurb í an Ghaeilge an bunús lárnach dár n-oidhreacht agus aithním chomh maith an dúshlán a bhaineann lena caomhnú, go háirithe sa timpeallacht domhanda nua-aimseartha ina mairimid.

“Tá an Gaeilge fíor-luachmhar dúinne, ní amháin toisc gurb í teanga ár n-oidhreachta agus ár staire í, ach ina theannta sin, gurb inti atá ceann den iomad slite éagsúla le maireachtáil sa saol seo, le léargas a bheith againn ar an saol sin, agus leis an saol sin a chur i bhfocail. Is teanga í a chuimsíonn an tslí leithleach ina ndearna na daoine a mhair ar an oileán seo romhainne dáimh lena chéile, leis an tírdhreach nó leis an saol eile”.

Dúirt sé go raibh an tír faoi chomaoin ag an bpobal beag Gaeltachta seo; go gceapfadh daoine gur mhíorúilt í gur mhair an Ghaeilge agus oidhreacht chultúrtha na nGael sna Déise nuair a bhrúigh cúinsí sóisialta agus eacnamaíochta an teanga go himeallbhord thiar na tíre sna céadta seo caite; cúinsí atá, go fóill, ag imirt tionchair ar an Ghaeltacht sa lá atá inniu ann.

Dúirt sé freisin nár choinnigh an Ghaeilge aon duine siar ó theanga eile a fhoghlaim, a mhalairt, dar leis: “I mo thaithí féin, cuidíonn an dátheangachas le máistreacht a bhaint amach ar an tríú agus an ceathrú teanga.”

D’impigh sé ar na héisteoirí “an Gaeilge a fhoghlaim, an méid atá againn a úsáid, an teanga a staidéar agus a húsáid a leathnú ... Impím go háirithe orthu siúd sa saol poiblí iarracht a dhéanamh agus muid ag tabhairt faoin gcomóradh 100 bliain de na heachtraí a chur ar bhóthar an neamhspleáchais muid.”

An cnuasach leabhar agus lámhscríbhinní a d’fhág Risteard de Hindeberg ag Coláiste na Rinne is iad is bunús don leabharlann nua atá sa choláiste inniu. Duine é seo a bhí ina ollamh le Ceiltis i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh. Scoláire mór, ealaíontóir, ceoltóir agus ceardaí cruthanta ab ea é a rugadh i bPort Cladach i 1863 agus a fuair bás ar Lá Fhéile Pádraig, 1916.

Tá a thuilleadh eolais faoi Leabharlann de Hindeberg ar suíomh an choláiste ag www.anrinn.com