Deireadh ré an dioscó i ngleanntáin ghlasa Ghaoth Dobhair

Éag na n-óstán Conallach


Cad a dhéanfaimid feasta gan óstáin agus na clubanna oíche ar lár?

Sin í an cheist i nGaoth Dobhair le seachtain, ó chuaigh an scéala amach go raibh Óstán Radharc na Mara – an Seaview – ag druidim de bharr rátaí arda gnó agus lag trá eacnamaíochta. Caillfear 40 post dá bharr, i bpobal inar cailleadh 150 post eile le bliain.

Tá neart turasóirí a chaith seal sa taobh seo tíre agus a fuair blaiseadh den Seaview, óstán i Machaire Chlochair ar an stráice ar a dtugtaí an “míle órga” lá den tsaol.

Bhí achan rud ann a theastaigh ó dhaoine a raibh tart, codladh nó fonn damhsa orthu.

READ MORE

An chéad phóg, an chéad deoch agus seans maith an chéad áit ar chuala daoine ceol tíre measctha le fuaim trance, sin an Seaview!

Tá dlúthchairde agam a mhionnaigh nach bhfillfeadh siad go brách ar an urlár damhsa úd, agus a bheadh le feiceáil arís um Nollaig nó Lá Fhéile Pádraig ag crochadh thart fán bheár beag.

Cé gur caitheadh airgead mór ar mhaisiúcháin úra agus ar athbhrandáil cúpla iarraidh – Millenium Club, CVU, Eden – is é an Seaview i gcónaí é – cairpéad ann ar feadh na mblianta agus liathróid lonnrach crochta den tsíleáil. Chan Studio 54 é ach rinne sé gnoithe.

Johnny Logan, Francie Mooney, Dana, Goats Don’t Shave, na Wolfe Tones – tugadh ardán d’achan sórt ceoil ann tráth. Is é an chuimhne is mó atá ag m’aintín ar an áit nó go raibh ceoltóir ann sna 1980í, Rock Stewart, a thiocfadh ar stáitse ann, an seomra dubh dorcha agus é ina luí ag ceol i gcónair.

Caithfidh gur fhoghlaim Lady Gaga cúpla cleas uaidh sin! Chonaic mé féin agus cairde liom na Vengaboys ar stáitse i 2008, cé go raibh siad as faisean le fada bhí an áit plódaithe agus an Vengabus á cheol ag lán tí ann!

Crips agus Bloods

Déan dearmad de na Crips agus na Bloods – bhí coirnéal Chloich Cheann Fhaola ar thaobh amháin, leads Chnoc Fola cruinnithe ag barr an urláir agus lucht na Rosann ar na toilg.

Is iomaí argáil a socraíodh ar an tsráid trasna ón Seaview agus scuainí ann do thacsaithe agus busanna.

Thiocfadh múinteoirí óga a bhíodh ag obair sna coláistí Gaeilge i Rann na Feirste agus Loch an Iúir, iad go callánach, gléasta go hálainn i dtacsaithe Charlie Mac agus Popeye.

Bheadh fáilte ag muintir na háite roimh “talent” úr ar feadh cúpla seachtain nuair a bhí ábhar múinteoirí thart!

Ní bheifeá ábalta bogadh sa tábhairne oíche Fhéile Stiofáin nuair a thiocfadh na ceádta agus iad ag maíomh le fir an dorais go mbeadh siad 18 gan mhoill agus go raibh siad ann an oíche eile cibé agus leoga, nach raibh aithne acu ar a chéile!

Ba le linn na Nollag anuraidh an uair dheireanach a chuir mé féin cos san áit agus, mar is gnách, bhí ceol Dolly Parton in iomaíocht le Rihanna – ach ba í Dolly a mheall níos mó amach a dhamhsa.

Is bocht an scéala é anois nach bhfuil club oíche amháin fágtha i nGaoth Dobhair, áit a raibh an Dodge agus Seaview ar siúl seacht n-oíche na seachtaine sna 1990í nuair a bhí beagnach 3,000 ag obair ar pháirc ghnó an Screabáin.

Ar an bhus go Leitir Ceanainn a théann an t-aos óg anois a bhfuil fonn dioscó agus deoch mhall orthu.

Ar an drochuair le cúpla bliain anois is geall le cuimhneacháin bháis atá in ainmneacha na n-óstán a druideadh sa cheantar: Radharc an Eargail; Óstán Ghaoth Dobhair; Foreland Heights; Óstán Ghleann Bheatha; Óstán na Rosann; An Bear Mór i nGort a’ Choirce.

Tá laghdú mór ar na háiteacha atá fágtha le coirm, dáil nó pósadh a cheiliúradh cé go bhfuil scaiftí go fóill ag tarraingt ar Theach Jack, Caisleáin Óir, An Chúirt agus Óstán Loch Altan, gan trácht ar na tábhairní.

Cá bhfios an mbeidh Seaview nó Dodge úr foscailte anseo fá cheann cúpla bliain?

Deirtear linn go bhfuil an tír ag teacht chuici féin faoi dheireadh, ach i nGaeltacht Thír Chonaill, leis na slóite ar imirce, is buille eile é, buille beag suarach seans i súile lucht na cathrach, atá i gcailliúint gnoithe de chineál ar bith faoin tuath. Tá laethanta an dioscó thart, ar feadh tamaill ar scor ar bith.

Ach tá mé cinnte go mairfidh cuimhní, bíodh siad maith nó olc, ar laethanta agus oícheantaí a caitheadh in Óstán Radharc na Mara.