Cormac cois cuain – craoltóir RnaG le bheith i mBéal Feirste

Tá mórán cainte ar siúl ag lucht na Gaeilge faoi na hathruithe atá déanta ag Foras na Gaeilge ar an earnáil dheonach.

Sé cheanneagraíocht, in áit 19 eagras, a bheidh freagrach feasta as cur chun cinn na teanga agus níl ceanneagraíocht ar bith sa Tuaisceart. Leis sin a phlé, craolfar eagrán speisialta de Cormac@5 le Cormac Ó hEadhra ar RTÉ Raidió na Gaeltachta beo as Béal Feirste Dé Máirt, 4ú Feabhra. Beidh deis ag na heagraíochtaí uilig teacht chun plé a dhéanamh agus ceisteanna a fhreagairt faoin leagan amach nua a bheidh ar earnáil na Gaeilge.

Craolfar an clár idir 5pm agus 6pm as Cultúrlann MacAdam-Ó Fiaich, Bóthar na bhFál, agus tá fáilte roimh an phobal freastal air.