Cláir nua raidió mar chuid de cheiliúradh na teanga

Tagann Seachtain na Gaeilge agus tagann borradh faoi obair na teanga.

Chuir lucht raidió tús le dhá chlár nua mar chuid d’imeachtaí ceiliúrtha Sheachtain na Gaeilge.

Meon na mBan is ainm do shraith úr do mhná ar Raidió na Life agus craoltar Dé Céadaoin é idir 6pm agus 6.30pm.

Díríonn an clár “ar shaol na mban timpeall na cruinne, mná atá ar gach aois agus ó gach aicme agus cine”.

READ MORE

Is í Ciara Ní Éanacháin, file agus scríbhneoir, príomhláithreoir an chláir.

Beidh aíonna éagsúla ó mheitheal ban Raidió na Life sa stiúideo léi “ag plé na gceisteanna is mó atá á gcur ag mná” gach aon seachtain.

Is féidir teacht ar Raidió na Life ar 106.4FM i mBaile Átha Cliath, ar www.raidionalife.ie agus ar an aip An Seinnteoir Raidió.

Más maith leat teagmháil a dhéanamh leis an chlár seol ríomhphost go beo@raidionalife.ie nó glac páirt sa chomhrá leo ar Twitter agus Facebook leis an haischlib #Meon.

Tá clár nua Gaeilge ar RTÉ Pulse fosta, An Seinnliosta, á chur i láthair ag Aindriú de Paor. Craoltar an clár seo Dé Céadaoin fosta idir 9pm agus 10pm.

Ceol, caint agus spraoi a gheallann lucht an chláir agus iad ag cur an chuid is fearr de cheol damhsa agus uirbeach ar fáil.

Is féidir leat an clár a aimsiú ar pulse.rte.ie, ar an aip An Seinnteoir Raidió fosta agus ar Saorview agus Virgin Media ar chainéal 943.