Borradh faoi lucht gnó

Cruinniú de fhóram nua neamhbhrabúsach do lucht ghnó i mBaile Átha Cliath an tseachtain seo

Agus na mílte a bhfuil Gaeilge acu agus iad ag fágáil an chóras oideachais, shílfeá go mbeadh an iliomad deiseanna ann an teanga a úsáid níos faide i gcéin ná geataí na scoile. Ach is tearc iad na deiseanna úsáide agus staideanna comhdhaonnacha ina mbíonn sé “inghlactha” an Ghaeilge a labhairt.

Tá an iliomad cúiseanna leis seo dar ndóigh nach féidir a mhíniú san alt seo.

I bhfianaise a laghad deiseanna atá ann an teanga a úsáid sa ghnáth shaol agus de réir gnáthamh an tsaoil sin, uaireanta caitheann daoine dul i gcúram na ndeiseanna seo a chothú dóibh féin.

Sin go díreach a rinne Daithí de Buitléir agus seachtar cara leis nuair a bhunaíodar “Borradh”.

READ MORE

Fóram nua do lucht gnó a bhfuil Gaeilge acu é Borradh atá le seoladh go hoifigiúil san áras ‘Huckletree D2’ ar Shráid an Phiarsaigh maidin Déardaoin an 5ú lá Márta.

I measc na gcainteoirí beidh David Kyne (Príomhfeidhmeannach, Evoke Kyne), Micheál Ó Conghaile (Stiurthóir Bainistíochta le MUFG Investor Services) agus Aisling Quinn (Bunaitheoir, VideoRankMe).

Is é is cuspóir leis an bhfóram nua seo, deiseanna a thabhairt do lucht gnó casadh ar a chéile chun “dul chun cinn pearsanta, proifisiúnta agus eacnamaíochta” a ghríosú - ach an Ghaeilge a bheith mar dhlúth chuid de.

Labhair Tuarascáil le Daithí de Buitléir chun tuiscint a fháil ar a bhfuil i gceist leis an líonra nua corparáideach seo.

Gnó-eagraí é féin atá ag plé le cúrsaí gnó le tuairim agus 10 mbliain (is Príomhoifigeach margaíochta é le ParkOffice). Bhí dlúth bhaint aige le club CLG na Gaeil Óga a chur ar an bhfód. Cé nár tógadh le Gaeilge sa bhaile é i gCill Chainnigh, is ann a chuir sé suim sa dteanga don chéad uair.

“Ní hé go raibh Gaeilge ag glúin mo thuismitheoirí ach bhí traidisiún labhairt na Gaeilge ag mo sheanatuismitheoirí. Bhí mo mháthair ag iarraidh go mbeadh muid in ann Gaeilge a labhairt agus d’fhreastail muid ar na coláistí samhraidh gach samhradh.

Creideann de Buitléir go bhfuil dícheangal idir an dioscúrsa náisiúnta agus an spéis a léiríonn an pobal sa teanga.

“Séard a thug an dioscúrsa náisiúnta le fios ná nach raibh aon luach gairmiúil ná eacnamaíoch ag baint leis an nGaeilge - ach go háirithe i gcomhthéacs na hearnála phríobháidigh,” ar sé.

Ach de réir an taithí a bhí aige “go laethúil” agus é i mbun cainte le custaiméirí, cliaint nó le hiriseoirí bíonn fonn ar dhaoine an teanga a úsáid agus iad i mbun gnó.

“Bíonn ar a laghad comhrá amháin in aghaidh an lae agam trí Ghaeilge. Ba mhinic mé ag labhairt le comhlachtaí móra thar lear agus comhlachtaí móra i mBaile Átha Cliath agus is i nGaeilge a bhíonn siad ag labhairt liom,” ar sé.

“Chuir sé sin mé ag smaoineamh - má tá an dícheangal seo ann domsa an bhfuil sé ann do dhaoine eile nó an bhfuil mórán daoine amuigh ansin a bhfuil Gaeilge acu agus iad ag obair san earnáil phríobháideach?”

Chuaigh sé i mbun taighde lena chomhghleacaithe agus rinneadar amach go bhfuil os cionn 30,000 duine a bhfuil Gaeilge acu atá cláraithe le LinkedIn, agus atá ag obair san earnáil phríobháideach i mBaile Átha Cliath.

Glúin na ngaelscoileanna iad cuid mhaith díobh seo dar leis - daoine iad a fuair oideachas ar ard-chaighdeán agus atá anois ag obair i bpoist chinnireachta san earnáil phríobháideach.

“Tá ag éirigh leo ar bhonn gairmiúil ach ar bhonn pearsanta tá an t-ualach seo orthu agus ‘sé sin gur mhaith leo go mbeadh ionad níos lárnaigh ag an nGaeilge ina saol.

“Bheartaíomar, dá mba rud é go raibh muid in ann rud a chruthú a bheadh in ann cabhrú le daoine ar bhonn gairmiúil agus ar bhonn pearsanta gur rud iontach a bheadh ann do dhaoine agus don teanga.”

Is dóigh le de Buitléar go léireodh sé don saol mór go bhfuil luach ar leith ag an teanga “ní amháin ar bhonn cultúrtha agus pearsanta ach ar bhonn eacnamaíochta freisin.”

“Tá daoine le Gaeilge ag glacadh cinntí móra do na comhlachtaí is mó ar domhan. Más rud é go n-aithnítear iad mar cheannródaithe agus cinnirí ina n-earnálacha féin - agus iad ag déanamh obair atá ar chaighdeán idirnáisiúnta agus glactar leis sin go forleathan - cad ina thaobh nach féidir iad a thabhairt le chéile agus rud a chruthú atá ar chaighdeán idirnáisiúnta ach go mbeadh sé ag feidhmiú trí Ghaeilge?”

Breis eolais ar fáil ag: borradh.ie

Láithreoirí, éisteoirí, léiritheoirí agus podchraoltóirí

Bhí láithreoirí, léiritheoirí, tuairisceoirí agus podchraoltóirí i láthair ag cruinniú ar cheist faoi chraoltóireacht phobail an Déardaoin seo caite i lár chathair Bhaile Átha Cliath.

Tháinig aoichainteoirí le chéile le cuid de lucht éisteachta Raidió na Life chun plé a dhéanamh ar an cheist: “Cén chineál seirbhíse atá de dhíth ar phobal na Gaeilge i ré atá réabhlóideach do na meáin chumarsáide?”

D’éist an slua le cur i láthair ó Brian Greene, bunaitheoir radio.ie, ina ndearna sé cur síos lom ar nósanna éisteachta an lae inniu.

Mar chuid den bpainéal bhí Siún Ní Dhuinn, Comhordaitheoir Digiteach Gaeilge RTÉ, Fachtna Ó Drisceoil, láithreoir Tús Áite ar RTÉ Raidió na Gaeltachta agus Ola Majekodunmi, craoltóir deonach reatha le Raidio na Life. An craoltóir Cathal Mac Coille a bhí mar chathaoirleach.

Tugadh éisteacht mhaith agus deis cainte don phainéal agus lean díospóireacht bhríomhar iad. Tháinig neart smaointe agus moltaí dearfacha ón ardán agus ón urlár.

Ba léir ón bplé gur iomaí dúshlán atá roimh na meáin thaidisiúnta. Tá an iliomad foinsí éisteachta anois ann. Is léir gur gá obair mhór a dhéanamh chun a chinntiú go bhfuil fáil ag cách ar chláir ardchaighdeánacha Raidio na Life, cuma cén ardán atá in úsáid acu.

Is féidir éisteacht le Raidio na Life ag 106.4FM nó ag raidionalife.ie

Stair na hÉireann

Mar chuid de Sheachtain na Gaeilge beidh plé ag an scríbhneoir agus scoláire Alan Titley leis na húdair Máire Ní Mhaonaigh agus Greg Toner faoina leabhar siúd Stair na hÉireann in 100 focal. Léargas ar ghnéithe de stair na hÉireann atá folaithe i stór focal na Gaeilge atá sa leabhar.

Cé go bhfuil an leabhar scríofa i mBéarla, chun Seachtain na Gaeilge a cheiliúradh, déanfar an plé i nGaeilge. I ndiaidh sin, seolfar taispeántas le Máirín Nic Eoin atá bunaithe ar an leabhar a dhéanfaidh turas timpeall Leabharlanna Chathair Bhaile Átha Cliath le linn na bliana.

Beidh an imeacht ar siúl i Leabharlann an Phiarsaigh ar an 4ú Márta, ag 6.30pm Fáilte roimh chách. Ní gá duit áit a chur in áirithe. Breis eolais: (01) 674 4852

FOCLÓIR: Tearc - scarce, deiseanna - opportunities, staideanna comhdhaonnacha - social settings, dícheangal - disconnect, líonra - network, gnó-eagraí - entrepreneur, cinntí móra - big decisions.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.