Bíonn spiadóirí siúlach agus scéalach

Ní hionann eolas agus gaois. Cé a scagfaidh na scagóirí?

Thaitníodh scéalta
spiaireachta riamh liom. Len Deighton de leith amháin díom, John le Carré thall uaidh, agus Yulian Semyonov ar a sheans.

Bhí rud éigin éartha diamhrúil ag baint leo, falla Bheirlín, coillte na Polainne, aghaidheanna fidil á gcaitheamh ag cách. Cluichí folach bíog á n-imirt, liom inniu, leis an bhfear amuigh amárach, leat ar ais arís.

Ní raibh a fhios againn, gan amhras, a dháiríreacht is a bhí, beatha agus bás ag crochadh ar na daoine seo a bhféadfaí dearmad a
dhéanamh orthu nuair a bhí an clúdach deiridh dúnta agat.

Ní móide go bhfuil an rómánsaíocht chéanna ag baint le spiaireacht
leictreonach.

READ MORE

Tá níos deacra giúirléidí draíochta, gluaisteáin a thosnaíonn ag eitilt, fiach ar bhóithre a shamhlú le hEdward Snowden agus le Julian Assange Mhicílícs, mura dtagann cor mór sa scéal.

Is fíre, áfach, gur ag nochtadh scóip na
spiaireachta atá siad sin beirt, seachas a bheith ina spiairí sa tslánchruinne iad féin.

Tá an Eoraip ag ligean uirthi go bhfuil fearg uirthi toisc gur léiríodh fairsinge faire na bPoncánach.

Dá mbeadh fearg ceart orthu leis an mbeirt a scaoil a gcnaipí eolais ar fud an domhain is iad a bheadh sásta dídean a thabhairt dóibh.

Ní léir gur cuireadh smachtbhannaí ar bith ar an mBanríocht Aontaithe nuair a bhí bugaireacht ar siúl go tiubh acu an uair cheana go raibh an cruinniú mullaigh G8 i Londain; agus b’fhéidir nár ghá spiairí a bheith laistiar de na sceacha timpeall ar Inis Ceithleann an mhí cheana, ach cá bhfios cén cleas eile a bhí acu?

Deireadh Seán McBride gurbh fhéidir a bheith lánchinnte áit ar bith a raibh scór duine cruinn in aon seomra go raibh ar a laghad spiaire amháin de chuid na Breataine ann. Táim ag comhaireamh ó shin.

Gadaíocht i bhfad níos oscailte a chleachtann na Sínigh. Nuair a thuairt eitleán spiaireachta EP-3 de chuid na Stát Aontaithe ar oileán Hainan sa tSín tuairim is deich mbliana ó shin, is amhlaidh gur choimeád siad é go raibh bainte as a chéile, a rúin nochtaithe cóipeáilte, agus curtha ar ais le chéile arís.

Bhí comhlacht innealtóireachta Gearmánach ag tógáil iarranróid ó chathair amháin go cathair eile sa tSín agus iad ag dul ar aghaidh go héifeachtach córasúil mar is dual dóibh; ba ghairid go
bhfuarthas amach go raibh a mhacasamhail chéanna d'iarranród tógtha i mball éigin eile de chuid na tíre i ngan fhios dóibh ar mhúnla an phleain chéanna!

Is ea, tá sé ar siúl ag cách, a deirtear, bíodh go bhfuil dlíthe agus comhaontais agus socruithe agus coinbhinsiúin agus reachta ina coinne. Ní hí sin an fhimíneacht is mó, áfach.

Is í an fhimíneacht is mó ná go ligtear liú agus liach uafáis nuair is id choinne a dhéantar an spiaireacht; ach is ar mhaithe leis an leas poiblí agus slándáil an stáit agus peata beag do mháthar a dhéantar nuair is tú atá ina bun. Tá an chuma air go díreach gur mar sin atá an saol.

Bhí John Milton, file agus rúnaí Chromail, ar son saoirse reiligiúin do chách – ach amháin Caitlicigh; táimidne ar son go scaoilfí ár gcuid clann mhac agus iníon isteach sna Stáit agus eile – ach ar son Dé, ná scaoiltear aon salachar de phaidí Afraiceach isteach anseo; bíodh cead ag aon duine a rogha éadaí a chaitheamh – seachas mná Muslamacha; saoirse coinsiasa agus tú féin faoi bhrú – glas ar shaoirse coinsiasa nuair atá an lámh in uachtar agat; bí in aghaidh an tsóisialachais do dhaoine bochta – ach ar a shon do na caipitlithe ramhra; buailtear an t-oideachas isteach id leanbh – ach ná léigh leabhar tú féin...

Rithfeadh leat nach bhfuil san intinn, agus san fhealsúnacht fad a ritheann, ach gléas chun cúis éigin a lorg ar son do chuid claonta féin a chur i gcrích. Gach foghlaim chun deise duit féin. Le gach boin a boinín, le gach cás a leithscéal.

Tá dóchas ann, áfach. Tá níos mó eolais á sluaisreadh timpeall amuigh ar an aer ná mar a bhí riamh. Daoine á rónochtadh féin ar Fhéasbúc agus ar Tvuít. Ní móide go bhfuil siolla ar bith dár chaith tú amach sa chíobarspás nach bhfuil inrochtana ag neach éigin.

B’fhéidir den chéad uair riamh i stair an chine dhaonna go bhfuil an iomad eolais againn. Ní an iomad eolais léannta atá i gceist agam maidir le buntoibreacha na feasa, ach an iomad eolais a bhaineann le gnáthshaol leamh an duine.

Ní hionann eolas dá fhairsinge agus tuiscint, ní áirím gaois. Mar cé a
dhéanfaidh scagadh ar an eolas, agus cé a scagfaidh na scagóirí?