Ardteist nua: Ceisteanna fós le freagairt

Spriocdháta comhairliúcháin phoiblí ar churaclaim nua Gaeilge ag deireadh na míosa

FOCLÓIR: Comhairliúchán poiblí - public consultation; ag tagairt - referring to; dréachtsonraíochtaí - draft specifications; dreasacht - incentive; inniúlacht - competence; ar ceal - cancel.

Tá spriocdháta do chomhairliúcháin poiblí ar churaclam nua Gaeilge don Ardteist ag teannadh linn ag deireadh na míosa seo.

Tá múinteoirí agus páirtithe leasmhara eile oideachais araon buartha faoina bhfuil i ndán don ábhar ón uair a foilsíodh dréachtsonraíochtaí a dhéanfadh athrú ó bhonn ar an gcúrsa Gaeilge.

Ar na beartais ba shuntasaí a d’fhoilsigh an Chomhairle Náisiúnta Curaclaim agus Measúnachta (CNCM) i mí Feabhra, bheadh dhá shiollabas nua i gceist.

READ MORE

Bheadh sonraíocht “T1” áitithe do scoláirí a fhreastalaíonn ar scoileanna Gaeilge agus Gaeltachta agus sonraíocht “T2” in oiriúint dóibh siúd a fhreastalaíonn ar scoileanna lán-Bhéarla.

Bheadh cúrsa níos dúshlánaí le múineadh i scoileanna T1 le béim ar scileanna agus inniúlachtaí teanga.

Tá ísliú in ualú na marcanna don bhéaltriail (ó 40 faoin gcéad go 35 faoin gcéad) molta freisin agus chuirfí deireadh leis an mbonnleibhéal.

Plécháipéis
Bhunaigh oideachasóirí agus eagrais a bhfuil suim acu i múineadh na Gaeilge Coiste Oideachais chun labhairt thar a gceann agus chun na húdair imní atá léirithe faoi na dréachtsonraíochtaí go dtí seo a phlé.

Iarradh ar Fíona Uí Uiginn agus ar an Ollamh Áine Hyland plécháipéis a scríobh a dhéanfadh anailís oideachasúil ar a bhfuil molta ag an CNCM. Is múinteoir agus iar-uachtarán ar Ghaeloideachas agus iar-phríomhoide ar Choláiste Íosagáin í Fíona Uí Uiginn agus is Ollamh Emerita le hOideachas agus iar-Leasuachtarán, Coláiste na hOllscoile, Corcaigh, í Áine Hyland.

“Tá go leor le rá mar gheall air. Tá go leor lochtanna air,” a dúirt Fíona Uí Uiginn le Tuarascáil agus í ag tagairt don mhéid atá molta sna dréachtsonraíochtaí.

“Tá an rud déanta droim ar ais.”

“Níor thug siad aghaidh ar na mór-cheisteanna córasacha, ná ar na ceisteanna eile bunúsacha maidir le dearadh sonraíochtaí sular cuireadh amach iad le haghaidh comhairliúcháin i lár paindéime,” a dúirt sí.

“Ba mhaith leo go leanfadh an Ghaeilge an creat ceannann céanna atá ann do gach ábhar eile gan a chur san áireamh gur ceist i bhfad níos leithne í an Ghaeilge don Stát.”

Sraith sóisearach
Cuireadh creat T1 agus T2 i bhfeidhm sa tsraith shóisearach i 2017. Dúradh sa Pholasaí don Oideachas Gaeltachta go dtosódh obair ar mholtaí don tsraith shinsearach nuair a bheadh na sonraíochtaí sa tsraith shóisearach forbartha agus "ag obair go maith" sna scoileanna.

Ach de bharr na paindéime cuireadh na scrúduithe cuí ar ceal. Agus tá an cheist á chur anois: an féidir breithiúnas ceart a thabhairt ar na hathruithe sa tsraith shóisearach gan oiread agus scrúdú amháin a bheith déanta go nuige seo?

Tá ceisteanna córasacha eile le freagairt faoin gcreat nua freisin.

Maítear i bplécháipéis Uí Uiginn/Hyland go bhfuil “easpa soiléireachta” le brath sna dréachtsonraíochtaí. Tá folús ann ina bhfuil “imní agus frustrachas ag fás.”

“Cad iad na torthaí foghlama? Cá bhfuil an measúnú? Cá bhfuil an cúrsa teanga chun tacú leis seo? Cá bhfuil an cúrsa féin? An bhfuil na foilsitheoirí chun an cúrsa a scríobh,” a d'fhiafraigh Uí Uiginn.

“Níl píolótú déanta air,” a dúirt sí.

“Tá bun cheisteanna ag daoine: an bhfuil an cúrsa seo chun a bheith éigeantach? An mbeifear ag súil go ndéanfaidh páiste ar chainteoir dúchais é, nach bhfuil ardscileanna teanga aige, an gnáth leibhéal sa Ghaeilge i scoil T1 in áit deis a bheith aige ard leibhéal a dhéanamh i T2?”

Maidir leis an moladh deireadh a chur leis an mbonnleibhéal tá baol ann nach ndéanfar freastal ar na riachtanais foghlama atá ag an gcohórt seo daltaí agus go dtiocfaidh ardú ar líon na scoláirí a lorgóidh díolúine ón nGaeilge dá bharr.

“Ba chóir go mbeadh na leibhéil éagsúla ar fáil do gach éinne [ionas] go mbeadh comhionannas deiseanna ann,” a dúirt sí.

Pointí bónais
Ó 2012 i leith bronnadh 25 pointe breise dóibh siúd a thugann faoi scrúdú Mhata ag an ardleibhéal agus a fhaigheann grád H6 nó níos airde. Tá fás suntasach tar éis teacht ar líon na scoláirí atá ag tabhairt faoi Mhata ar an ardleibhéal dhá bharr.

Tuigtear go mbeadh an siollabas nua T1 níos deacra ná siollabas T2 agus ceistítear cén chaoi a bhféadfaí daltaí a mhealladh do T1 gan chúiteamh éigin a bheith ar fáil dóibh.

“Cén fáth go dtabharfadh aon duine faoi seo mura bhfuil dreasacht éigin ann dóibh chun cúiteamh as an obair nó chun iad a mhealladh i dtreo an chúrsa seo,” a d’fhiafraigh Uí Uiginn.

Dá mbainfí úsáid as córas mar atá in úsáid le mata, creideann sí go mbeadh sé sin ina “ghníomh an-mhór a thacódh le mionteanga atá ag feidhmiú faoi bhrú i ndomhain mhór an Bhéarla.”

Tá sé beartaithe go mbeidh 20 faoin gcéad d’earcaigh na státseirbhíse in ann a gcuid oibre a dhéanamh trí Ghaeilge faoi 2030. Ón chéad lá Eanáir, 2022, beidh stádas iomlán oibre ag an Ghaeilge san Aontas Eorpach.

Beidh gá le soláthar maith céimithe chun na poist a eascróidh as na hathruithe seo a líonadh. Ach, chun a leithéid a chinntiú, molann Uí Uiginn na spriocanna nó torthaí foghlama a cheangail den Fhráma Tagartha Comónta Eorpach (FTCE).

Cé nach bhfuil an Ghaeilge mar chuid den pholasaí sin faoi láthair, tá beagnach gach cúrsa agus cáilíocht teanga ó leibhéal na meánscoile go dtí an tríú leibhéal ag teacht anois leis an FTCE.

“An rud ba chóir a dhéanamh agus is gníomh an-mhór ar son na Gaeilge a bheadh ann, ná infheistíocht mhór a dhéanamh i gcúrsa a bheadh ceangailte leis an bhFráma Tagartha Comónta Eorpach atá in úsáid anois agus atá molta ag polasaí na Roinne ‘Languages Connect’ le haghaidh na nua-theangacha iasachta eile,” a dúirt Uí Uiginn.

Moltaí
Molann údair na plécáipéise dhá rogha mhalartach chun freastal ar riachtanais na spriocghrúpaí éagsúla don Ardteist. Faoi rogha amháin, chuirfí leibhéal 'Sárleibhéal' sa bhreis ar fáil ina gcuirfí béim ar ardchaighdeán i labhairt agus scríobh na teanga mar aon le heolas ar ghnéithe de shaíocht agus litríocht na Gaeilge

Faoin dara rogha, bheadh ábhar nua ar fad ann: Saíocht agus Litríocht na Gaeilge. Bheadh sé seo ar fáil dóibh siúd a mbeadh spéis acu tabhairt faoi ábhar ar an múnla céanna le Mata Feidhmeach.

Molann Uí Uiginn go gcuirfí an comhairliúchán ar leataobh “go dtí go mbeidh an t-athbhreithniú ar an tsraith shóisearach déanta agus na torthaí faighte”.

B’fhiú ansin tabhairt faoi “fráma eile nó múnlaí eile” a chuireadh aiseolas na bpáirtithe leasmhara san áireamh agus a thabharfadh “aghaidh ar chuid mhór de na lacunae nó na lochtanna” atá léirithe go dtí seo.

Agus, tá cás ar leith le déanamh don Ghaeilge. “Tá sé dúshlánach gasúr a thógáil le Gaeilge sa lá atá inniu ann mar tá muid timpeallaithe le Béarla,” a dúirt sí.

“Ní bhíonn sé i bhfad go mbíonn an Béarla níos éasca dóibh le léamh. Tá tacaíocht ag teastáil ó bhunteangacha - is cás ar leith iad.”

“Tá teangacha faoi bhrú ag ollchultúr an Béarla agus tá an tAontas Eorpach ag iarraidh tacú leis an nGaeilge agus ba chóir go mbeadh rialtas na hÉireann tuisceanach.”

“Ba chóir go mbeadh comhionannas deiseanna ar fáil do na daltaí ar fad sa tír. Leis an bhfráma seo, níltear ag freastal ar na riachtanais atá ag na daltaí éagsúla,” a dúirt sí.

Éanna Ó Caollaí

Éanna Ó Caollaí

Iriseoir agus Eagarthóir Gaeilge An Irish Times. Éanna Ó Caollaí is The Irish Times' Irish Language Editor, editor of The Irish Times Student Hub, and Education Supplements editor.