Agallamh aistriúcháin agus agallamh aonair

Beidh painéal cainteoirí ag cíoradh cheist an aistriúcháin – Idir Teangacha – ag Féile Leabhar Bhaile Átha Cliath Dé Domhnaigh.

Beidh na scríbhneoirí Alan Titley, Micheál Ó Conghaile agus an t-eagarthóir, Lochlainn Ó Tuairisg, ag plé an dóigh a n-athraíonn saothar idir Gaeilge agus Béarla.

Beidh Cré na Cille/The Dirty Dust agus The Key/An Eochair faoi chaibidil agus leabhar nua Uí Chonghaile, Diabhlaíocht Dé.

Fear RnaG, Cormac Ó hEadhra, a bheas ina fhear an tí. Ag 2pm sa Boy’s School, Smock Alley, a bheidh an ócáid. Eolas: poibliocht@cic.ie.

READ MORE

Beidh Aisling Ghéar i mbun camchuairte le dráma le Gearóid Ó Cairealláin ar an tseachtain seo chugainn, The Wheelchair Monologues. Bhuail stróc Ó Cairealláin sa bhliain 2006 ach níor chloígh an mí-ádh é agus cíorann an saothar a shaol ó shin.

Beidh an dráma le feiceáil Dé Máirt, 17ú Samhain sa Cork Arts Centre, Corcaigh, agus Déardaoin 19ú Samhain, Ollscoil na hÉireann, Gaillimh. 8pm an dá léiriú. Eolas: catherine@aislingghear.com