The Right Hon

CRAOLFAIDH TG4 an chéad agallamh foirmeálta le hiar-phríomhaire na Breataine, Tony Blair, i gclár faisnéise dá gcuid, The Right…

CRAOLFAIDH TG4 an chéad agallamh foirmeálta le hiar-phríomhaire na Breataine, Tony Blair, i gclár faisnéise dá gcuid, The Right Honourable Pat Jimmy Den Rua MP, clár a chraolfar seachtain ón lá inniu ag 7.15pm.

Tugann an clár léargas ar Pat McFadden atá ina fheisire parlaiminte thar ceann iardheisceart Wolverhampton i Westminster. Tá dlúthbhaint ag McFadden le Gaeltacht Dhún na nGall bíodh is gur tháinig sé ar an saol i nGlaschú agus gur sa chathair sin a tógadh é.

Is as an Fhal Carrach dá thuismitheoirí Jimmy Den Rua agus Annie McFadden agus is cainteoir dúchais í a mháthair. B’éigean don lánúin dul ar imirce agus scrúdaíonn an clár tionchar na himirce agus a thógála ar chuid polaitíochta McFadden – fear a bhí ina aire stáit i rialtas de chuid Tony Blair agus fear a chuir comhairle air fosta.

Dúirt léiritheoir an chláir, Breandán Delap, gur scéal a bhí ann faoi aistear polaitíochta McFadden “ó scoil bheag Gaeltachta i dTír Chonaill go Westminster agus Pálás Buckingham trína shúile féin agus trí shúile a mhuintire san Fhál Carrach.

READ MORE

“Scéal dearfach é seo faoin imirce agus faoin tábhacht a bhaineann le hoideachas. Ag am nuair atá na sluaite ag imeacht ar imirce as Éirinn gach seachtain, is ábhar dóchais é scéal Phat McFadden agus a mhuintir don mhéid gur féidir le diaspora na hÉireann a bhaint amach.”