Taighde amhrán

B’OSCAILT SHÚL dona lán a d’fhreastail ar léachtaí na scoile an méid taighde acadúil atá á dhéanamh ar amhránaíocht na Gaeilge…

B’OSCAILT SHÚL dona lán a d’fhreastail ar léachtaí na scoile an méid taighde acadúil atá á dhéanamh ar amhránaíocht na Gaeilge.

Ba é an t-amhránaí cáiliúil, Peadar Ó Ceannabháin, a thug an chéad léacht inar labhair sé faoin stór mór amhrán a cumadh ina cheantar féin, Iorras Aintheach, in iarthar Chonamara sa 19ú haois, agus ar an ról a bhí ag na filí a chum iad i saol an cheantair, leithéid Mícheál Marcais Ó Cualáin, Seán Bacach Ó Guairim, Nuala Ní Uaithnín agus Mícheál a Búrc (An Búrcach Rua).

Is beag dá gcuid cumadóireachta a scríobhadh síos go dtí gur thug Séamus Ennis cuairt ar an cheantar i 40í na haoise seo caite. Scríobh sé síos na hamhráin sin a bhí fós á gcanadh, idir fhoinn agus fhocail.

Chan iníon Uí Cheannabháin, Saileog, atá ag déanamh staidéir ar an cheol i gColáiste na hOllscoile, Corcaigh, cuid de na hamhráin seo agus ba bhinn an léiriú a thug sí orthu. Chuirfeadh sé go mór leis an léacht seo, áfach, roinnt áiseanna físe bheith leis.

READ MORE

Ag siompóisiam maidin Shathairn labhair triúr cainteoirí ar ghnéithe éagsúla d’amhránaíocht na Gaeilge. Ar an stór amhrán atá ar Árainn agus ar na daoine a bhailigh iad a labhair Deirdre Ní Chonghaile.

I 1857 thug Eoghan Ó Comhraí agus George Petrie cuairt ar an oileán agus rinne bailiúchán de na hamhráin a chuala siad, Ó Comhraí ag breacadh síos na bhfocal agus Petrie na bhfonn.

Ag tús an chéid seo caite bhailigh Eoghan Ó Gramhnaigh, Pádraig Mac Piarais agus John Millington Synge a thuilleadh.

Theastaigh ó “Ghaeilgeoirí móra” Chonradh na Gaeilge a thabhairt le fios gur amhráin Ghaeilge amháin a bhí ar an oileán ag an am ach dar leis an chainteoir bhí amhráin Bhéarla ag teacht isteach an t-am ar fad mar atá siad go fóill.

Mar sin féin, tá meas fós ar an cheol traidisiúnta agus mhol sí an obair atá ar siúl ag an amhránaí Treasa Ní Mhíolláin a mbíonn ranganna sean-nóis aici ar Árainn don aos óg agus a léirigh do lucht na scoile thar an deireadh seachtaine gur sár-amhránaí í féin.

Aistriúcháin Ghaeilge a rinneadh i dTír Chonaill ar amhráin Bhéarla ba ábhar do chaint Lillis Uí Laoire.

Ag iarraidh dearcadh náisiúnta a aistriú go Gaeilge a bhí beirt de mhuintir Ghrianna, Seosamh agus Seán Bán, nuair a d'aistrigh siad The Foggy Dewagus The Bold Fenian Mengo Gaeilge agus d'éirigh leo meadracht agus comhfhuaim na Gaeilge a chur ina n-aistriúcháin.

Is iomaí scoláire a d'fhoghlaim Thíos i Lár an Ghleannasa choláiste Gaeilge i Rann na Feirste a shíl gur bhunchumadóireacht de chuid Shéamuis Mhic Grianna é.

Léirigh an cainteoir gurbh aistriúchán scaoilte é ar an dán The Heather Glenle George Sigerson. Thagair Ó Laoire fosta do chomórtas a bhí ag Rónán Mac Aodha Bhuí ar Raidió na Gaeltachta agus é ag iarraidh Conallaigh a spreagadh chun amhráin Ghaeilge a chumadh. 14 amhrán a bhí istigh ar an chomórtas agus léiríonn siad, dar leis, go bhfuil teacht aniar sa Ghaeilge i gcónaí.

Amhránaí gairmiúil is ea an tríú cainteoir, Muireann Nic Amhlaoibh agus labhair sí faoina taithí phearsanta ag canadh amhrán traidisiúnta ar an ardán, in áiteanna ar fud an domhain mar bhall den ghrúpa Danú agus ina haonar.

D’ardaigh sí roinnt ceisteanna maidir le forbairt an cheoil thraidisiúnta. An bhfuil sé ceadaithe cóiriú a dhéanamh air nó tionlacan a chur leis? Cén tslí ab fhearr chun meas a léiriú ar an traidisiún gan a bheith ceangailte leis an seansaol?

Is ceisteanna iad nach bhfuil freagra aici orthu go fóill agus cé gur osclaíodh an chaint don lucht éisteachta níor léir freagra ag aon duine ansin ar na ceisteanna sin ach oiread.