Tá cealú toilteanach an díchreidimh faoi bhagairt mhór

MAIRIMID IN aois an díchreidimh. Is beag miotas nach bhfuil cnagtha agus cnagtha go maith againn faoin am seo

MAIRIMID IN aois an díchreidimh. Is beag miotas nach bhfuil cnagtha agus cnagtha go maith againn faoin am seo. Táimid inár máistrí ar ár gcinniúint féin agus neamhspleách ar na déithe uile, más fíor.

Is sinne na déithe nua agus casann an cosmas timpeall orainn agus tá ár saolta ag croílár an chosmais féin. Tá an seanchóras ina raibh an cine daonna urramach do dheasghnátha seanbhunaithe agus faoi smacht ag eaglaisí righne, dolúbtha ar an dé deiridh.

Ní ghéillimid go héasca do Dhia nó do dhuine, d’fhéadfaí a rá. Ceistimid an uile ní agus vótálaimid lenár gcosa nuair nach bhfaighimid na freagraí atá de dhíth orainn.

Glaotar “daonlathas” ar an gcóras nua, aisteach seo, córas a bhí doshamhlaithe 40 bliain ó shin. N’fheadar arbh é an chéad LP de chuid na Beatles nó eachtraí Woodstock nó Aifreann Uí Riada a chur tús leis an ngealtachas seo ach is cuid dár saol laethúil anois é.

READ MORE

An cuimhin le héinne anois Dlí an Chiúnais?

Nuair a bhíodh fógraí le feiscint sa leabharlann, mar shampla, leis an mana “Ciúnas sa Leabharlann” greanta orthu?

Cuireadh iad siúd ann le go bhféadfadh daoine suí nó seasamh agus leabhair a léamh ar a suaimhneas. Is mó leabhar a léigh mé féin ó chlúdach go clúdach sna laethanta órga sin go bhféadfá biorán a chloisint ag titim ar an urlár adhmaid le méid agus le faid an chiúnais.

Bhí na fógraí céanna le feiscint in amharclanna agus cé nach rabhadar crochta in áit ar bith i séipéil, i seomraí ranga, i léachtlanna, i bpictiúrlanna, i ndánlanna ná i siopaí leabhar, fós bhí sé intuigthe go raibh an dlí céanna i bhfeidhm sna scrínte seo. Ní bheadh sé de mhisneach ag éinne Dlí an Chiúnais a shárú in áiteanna den chineál seo.

Is duine mise a thaitíonn cuid de na scrínte seo ar bhonn rialta i gcónaí. Ach ní fada eile a leanfaidh mé leis an drochnós, is baolach.

Na laethanta seo bíonn mo chroí i mo bhéal agam nuair a thugaim cuairt ar shéipéal, ar phictiúrlann agus ar amharclann ach go háirithe.

Braitheann na heispéiris áirithe seo ar choincheap an fhile Samuel Taylor Coleridge a bheith i gceart i ngach cás. Táim ag tagairt don fheiniméan ar a nglaotar “willing suspension of disbelief”. Ciallaíonn an nath seo go gcaithfear an saol réadúil a fhágáil ag doras na hamharclainne, na pictiúrlainne, an tséipéil srl má táthar chun an ócáid istigh a bhlaiseadh go hiomlán.

Ar ndóigh, tá sé seo fíor maidir leis an léitheoireacht freisin. Chum Coleridge an frása ina shaothar liteartha Biographia Literariasa bhliain 1817. Ag an am sin bhí sé ag éirí neamhfhaiseanta, creid é nó ná creid, creideamh a bheith agat san osnádúr agus in eilimintí osnádúrtha san fhilíocht agus sa drámaíocht.

Bheadh ar dhaoine an “díchreideamh” seo a chur ar ceal, go sealadach ar aon chaoi, chun an t-eispéireas ealaíne a chreidiúint.

I bhfocail Coleridge “...yet so as to transfer from our inward nature a human interest and a semblance of truth sufficient to procure for these shadows of the imagination that willing suspension of disbelief for the moment, which constitutes poetic faith”.

Ach le blianta beaga anuas tá an “creideamh fileata” seo faoi bhagairt mhór. Tá coimhlint láidir ar bun idir an saol réadúil agus saol na samhlaíochta.

Agus thosaigh ag géarú ar an gcoimhlint ó bhlianta an Tíogair Cheiltigh ar aghaidh. Is in olcas atá cúrsaí ag dul.

Théinn go dtí an leabharlann ar bhonn rialta chun léamh agus scríobh go dtí le gairid. D’éirigh mé as an chleachtas seo ar na mallaibh. Ní fhéadfainn cur suas a thuilleadh leis na leibhéil torainn agus na hábhair seachráin a bhí thart timpeall orm.

Páistí óga ag súgradh agus ag béiceadh i ngach aon bhall, daoine ag comhrá lena chéile os ard agus níos measa fós, daoine ag freagairt a nguthán póca taobh liom is gan cíos, cás ná cathú orthu.

Nuair a thaithím an séipéal is é an scéal céanna go minic é. Buaileann an fón póca agus freagraítear é.

Gan trácht ar an amharclann. Braitheann an drámaíocht go mór ar chúinse go gcuirfí coincheap Coleridge i bhfeidhm i measc an lucht féachana. Muna mbíonn na cúinsí fábhrach, titeann an rud ar fad ar a thóin.

Bhíos ag léiriú de chuid Waiting for Godot de chuid Beckett cúpla bliain ó shin. Bhíos ag tnúth go mór leis an léiriú áirithe seo mar bhí 25 bliain imithe ó chonaic mé an dráma don chéad uair. Níorbh fhada gur thit an lug ar an lag agam. Bhí sé soiléir go raibh líon mór daoine san amharclann nach raibh tuiscint dá laghad acu ar chúrsaí drámaíochta, go háirithe ar an sórt drámaíochta a d’eascair ó Beckett.

Bhí ceathrar taobh thiar díom nár stop ach a bheith ag cabaireacht os ard ó ardaíodh an cuirtín. Bhí duine taobh liom a raibh an braon faoin bhfiacail aige. Bhí bean mheánaosta cúpla suíochán chun tosaigh ar a guthán póca. Briseadh ar an ngeis. Níor fhilleas tar éis na hidirlinne.

Oíche eile thugas cairde go dtí léiriú de The Man from Clarede chuid J.B. Keane. San amharclann áirithe seo tugadh cead a gcinn do dhaoine a ndeochanna meisciúla a bhreith isteach chuig an léiriú.

Rinne na stíobhaird a ndícheall cúrsaí a choinneáil faoi smacht ach bhí sé fuar acu. Sara fada bhí an amharclann ina cíor thuathail ag daoine ag caint os ard, ag gáire agus ag cur glaonna ar a ngutháin phóca.

Bheimis i bhfad níos fearr as a bheith ag diúgadh na gcárt dúinn féin sa teach tábhairne ná a bheith ag iarraidh mún in aghaidh na gaoithe san áit ina rabhamar.

Is ar éigean atá spás beannaithe ar bith fágtha. Tráth dá raibh ba ócáid bheannaithe í féile na Nollag. Am suaimhneach, síochánta, ciúin. Am go bhféadfadh daoine machnamh a dhéanamh ar mhistéir na beatha agus sos a ghlacadh ó thranglam agus ó chlampar na bliana.

Ní mar sin atá sé a thuilleadh. Ní cíor thuathail go dtí í. Gleo agus achrann agus rancás i ngach áit. Daoine ag dul as a meabhair ag iarraidh bronntanas a cheannach agus ag carnadh earraí saolta le haghaidh an cheiliúrtha.

An bhéim ar fad ar an dtaobh neamhspioradálta den fhéile. Is geall le bréagcheiliúradh nó fronsa í ar an scéal miotaseolaíochta faoin leanbh beag sa mhainséar sa stábla umhal i mBeithil i gcomhluadar na bó, an asail agus na n-aoirí bochta.

Tá cealú toilteanach an díchreidimh nó an acmhainn (agus an ceart) atá ag an duine daonna spás beannaithe a chruthú ina aigne don rud spioradálta agus don rud beannaithe faoi bhagairt mhór ar na saolta seo.

Mar an gcéanna tá cearta na hindibhidiúlachta á treascairt ag an domhan ábharach ina mairimid. Rudaí luachmhara iad seo agus beimid níos boichte dá n-éagmais.