Straitéis Ghaeilge

BEIDH CRUINNIÚ ag an ghrúpa, Pobal, faoi chreat straitéiseach don Ghaeilge do Thuaisceart Éireann Dé Máirt ag 9

BEIDH CRUINNIÚ ag an ghrúpa, Pobal, faoi chreat straitéiseach don Ghaeilge do Thuaisceart Éireann Dé Máirt ag 9.45am i gColáiste na hOllscoile, Naomh Muire, Bóthar na bhFál, Béal Feirste.

Seisiún comhairliúcháin a bheidh sa chruinniú agus deis ag lucht na Gaeilge moltaí nuashonraithe d’Acht na Gaeilge a phlé. Tá rún ag Pobal na moltaí a chur faoi bhráid Aire Cultúir an Tuaiscirt, Carál Ní Chuilín, go luath.

Eolas: eolas@pobal.org