Seoltaí fómhair

TUARASCÁIL: SEOLFAIDH MÁIRE Uí Mhaicín cnuasach nua filíochta le Pádraig Breandán Ó Laighin, Ní Ionas go bhfuil an Spideog ag…

TUARASCÁIL:SEOLFAIDH MÁIRE Uí Mhaicín cnuasach nua filíochta le Pádraig Breandán Ó Laighin, Ní Ionas go bhfuil an Spideog ag Gearán: Dánta i nGaeilge/Poemes en irlandais (Coiscéim/Éditions de Lis) san oíche amárach ag 7.30pm in Áras na Scríbhneoirí, Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath.

Le cois Uí Laighin féin, léifidh na filí Seán Hutton, Caitríona Ní Chléirchín, Colette Nic Aodha, Ciarán Ó Coigligh, Tadhg Ó Dúshláine agus Mícheál Ó hUanacháin le linn na hócáide mar chuid de Chúirt Filíochta an Fhómhair.

Is í an t-iriseoir Sorcha Ní Mhonacháin a sheolfaidh An Coileach Codlatach (Futa Fata) le Nuala Nic Con Iomaire, maisithe ag Donough O'Malley, tráthnóna amárach ag 6.30pm i Leabharlann na Ceathrún Rua, Co na Gaillimhe. Beidh ceol agus sóláistí ar fáil le ceiliúradh a dhéanamh ar leabhar atá dírithe ar léitheoirí óga.

Ag caint ar léitheoirí óga. Beidh Ógie Ó Céilleachair ag seoladh a leabhair nua, Cúpla (Cló Iar-Chonnacht), i gClub an Chonartha, Sráid Fhearchair, Baile Átha Cliath, Dé Sathairn ag 7pm.