Seoladh Titley

TUARASCÁIL: SEOLFAR LEABHAR nua Béarla – Nailing Theses: Selected Essays – leis an scríbhneoir Alan Titley san oíche amárach…

TUARASCÁIL:SEOLFAR LEABHAR nua Béarla – Nailing Theses: Selected Essays– leis an scríbhneoir Alan Titley san oíche amárach ag 6.30pm in Áras na Scríbhneoirí (Irish Writers' Centre), Cearnóg Parnell, Baile Átha Cliath.

Cnuasach aistí ar chúrsaí cultúir agus liteartha atá in Nailing Theses(Lagan Press, £14.99) agus cuireann Titley fáilte roimh léitheoirí an nuachtáin seo teacht agus an ócáid a cheiliúradh ina chuideachta.