Paidi plaisteach

Crobhingne: Seans maith go bhfuil seo á léamh ag roinnt daoine agus iad ag féachaint ar mhórshiúl Lá 'le Pádraig ina gceantar…

Crobhingne: Seans maith go bhfuil seo á léamh ag roinnt daoine agus iad ag féachaint ar mhórshiúl Lá 'le Pádraig ina gceantar féin.

Cuspaí de shaol na hÉireann ag dul thar bráid idir pholaiteoirí papier-maché, agus phearsana aniar ón stair, agus chailíní cosarda anoir ó na Stáit ag ciceáil an aeir, agus nathaireacha nimhe á mbrú faoi chois, agus Pádraigí féasógfhada ina gcultacha leipreacháin ag féachaint go brónach tríd an mbáisteach. Nach leamh maoithneach páistiúil mar imeacht é?

Is ea, leis. Seachas Forógra na Cásca a bheith fós le feiscint i scoileanna thall is abhus, agus léinteacha glasuaine a bhfuil fir iontu ag rith timpeall páirceanna caide is é an Mórshiúl Pádraigiúil seo an chéad éachtaint a fhaigheann go leor daoine ar shiombail bhréige a gcuid saoránachta. Is ar an lá seo a bhaistear iad in umar smuguaine an "Éireannachais". Iarsma na seamrógaíochta í, oidhre dlisteanach na gclogthithe agus na gcon Gaelach. Is é ár bhfilleadh beag, ár hagaois, ár dtoby jug é.

Tá go leor nósanna seanbhunaithe a bhaineann le Lá 'le Pádraig, gan amhras. An pota Phádraig a ól, dul ar Aifreann, beagán faicseanaíochta a dhéanamh ar fhaiche. Ach is é oighear an scéil é gurbh iad réamhtheachtaí na nOráisteach a chéadbhunaigh nós an mhórshiúil i gcathracha Mheiriceá, agus gurb é Béal Feirste an t-aon chathair ar domhan anois nach bhfuil cead acu an lá a chomóradh ar an mbealach urlac-chuiditheach seo. B'fhéidir go bhfuil ciall ag an bhfear buí sna cúrsaí seo nár dheonamar fós dó.

READ MORE

Deir cara liom gur chaith sé cúig bliana ag iarraidh an leipreachán a dhíbirt ó na mórshiúlta seo i gCeanada nuair a bhí cónaí air ann. Níor thúisce éirithe leis, agus rud éigin ciallmhar curtha ina áit - ceol, ealaín, rince neamhchlúracánach - ná d'fhill sé ar Éirinn agus gur casadh an leipreachán ar ais air ina steilleabheatha.

Ar gach ócáid náisiúnta, ag gach cluiche cruinn nó ubhchruthach, is iad na leipreacháin is mó a fheictear ag screadaíl ar son na hÉireann.

I ngach both turasóireachta is é an leipreachán an buachaill, bíodh fidil faoina ghiall, nó pionta Guinness ina ghlaic, nó fód móna faoin thóin. Is é seo an t-aon uair amháin go mbeinn ar son Seoirse Bushman agus é ag gabháil don "war on tourism", mar a thugann sé air.

Ar an gcuma chéanna is gur deineadh Santa Claus d'Íosa Críost um Nollaig, tá Miliuc Ó Laoghaire déanta de Phádraig. Múineadh riamh dúinn nuair a las sé na tinte sin Sláine gan beann ar Rolling Stones na ar Mhadonna gurbh iad tinte na spioradáltachta iad, tinte an ghrá, tinte na neamhshaoltachta.

Lucht caorach agus cumhachta ba ea Miliuc Ó Laoghaire gur theastaigh uathu aerfort a thógáil ar Bhrú na Bóinne, an t-aer os cionn na Mí a phríobháidiú, nimh a chur san uisce ionas nach bhféadfaí triall ar an tobar, agus mórbhóithre coincréiteacha a chomáint tríd an dTeamhair, agus ba chuma faoi mhianta na coda eile d'Éirinn. Tar éis an tsaoil is í an Mhí ceartlár na hÉireann, poll imleacáin Fódla, agus ní bhaineann gnáthrialacha cultúir leo sa chaid ach oiread leis an gcoincréit.

Fírinne choincréiteach agus fírinne phlaisteach iad fírinní na tíre. Is í an choincréit an cíoná maidir le haon phleanáil pholaitiúil, agus is é an plaisteach (agus ábhair bhoga ghaolmhara) an damhna a mhúnlaíonn an cultúr.

Ina choinne sin, bíonn an dóchas ag broinneadh de shíor laistíos den bhaois. Nochtann an Paidí plaisteach ar a laghad go bhfuil Paidí ann, agus mar a bhain Pádraig leas as an tseamróg phágánach le ceacht a theagasc, is féidir leis an bplaisteach féin é sin a dhéanamh, leis.

Dhein Ciaron O'Reilly agus ceathrar eile é sin nuair a dhein siad ionsaí ar spéirlong chogaidh de chuid Impire an Domhain ar an tríú lá d'Fheabhra 2003 sa tSionainn. B'é gléas a bhí acu casúr plaisteach aerlíonta, casúr plaisteach Páidiúil ag cur in aghaidh na cumhachta ba mhó dá raibh riamh ann le céad míle bliain de chuid an chine dhaonna.

Ar chúis amaideach éigin, chreid siad i soiscéal Pháraic seachas in doiscéal Bhuish. Chreid siad sa tsíocháin seachas san ár; sa chéachta seachas sa chogadh; sa phlaisteach seachas sa phléascán.

An bhfuil seans ar bith ann go bhfeicfidh tú iad ag dul thart inniu, laochra móra Pádraigiúla na hÉireann?

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar