Níor sáraíodh riamh an seanfhocal ach le seanfhocal eile

TUARASCÁIL: NÍOR SÁRAÍODH riamh an seanfhocal ach le seanfhocal eile

TUARASCÁIL:NÍOR SÁRAÍODH riamh an seanfhocal ach le seanfhocal eile. Agus is seanfhocal breá é sin! An múintear seanfhocail a thuilleadh? Ba cheart go múinfí seanfhocal in aghaidh an lae don aos óg. Ní hamháin go mbeadh cur amach níos fearr acu ar struchtúr is ar dhúchas na teanga dá bharr, bheadh cúpla ceacht foghlamtha acu chomh maith, ceachtanna a d'fhéadfadh cabhrú leo sna laethanta agus sna blianta guagacha atá romhainn.

Chuimhníos arís ar sheanfhocail le déanaí nuair a fuaireas Seanfhocla Chonnacht(Cois Life, €30) le Tomás S. Ó Máille mar bhronntanas, eagrán nua a chóirigh Donla uí Bhraonáin. Gabhann dlúthdhiosca leis agus is féidir seanfhocail a bhaineann le téamaí áirithe a léamh ar do shuaimhneas ar an scáileán más mian leat. Abraimis an focal "cruatan", focal atá i mbéal daoine arís, faraor, agus ní gan chúis.

Tá breis agus leathchéad seanfhocal a chuireann síos ar an gcruatan. Ní hé an saghas céanna cruatain é go díreach an cruatan a bhí fadó ann agus cruatan an lae inniu ach cruatan is ea cruatan gach áit ar fud an domhain.

Mar shampla, “An obair is cruaidhe amuigh – ag gearradh féir le corrán”. Agus munar léir duit an bhrí atá leis sin, tugtar míniú dúinn: “Mar bíonn tú ag tuinseamh na talún le do dhorna”. (Ní rithfeadh sé sin leis an té nár láimhseáil corrán riamh).

READ MORE

Nach duairc é an pictiúr a thugtar dúinn sa chéad cheann eile: “Fataí boga, beaga, fliucha/ Bruite ar uisce is uisce leo/ Céalacan fada agus díobháil bróg/ A ghníos seanduine den duine óg.” I bhfad uainn fataí beaga fliucha

Tá gontacht an haiku sa chéad cheann eile agus cuirtear an duine bocht inár láthair ar bhealach an-phictiúrtha: “Fear an chladaigh i lár an earraigh/Ag bailiú feamainne deirge is é fliuch salach.”

An créatúr bocht. Ar nós an haiku, tá fear cumtha an tseanfhocail sin ag seasamh siar agus ag féachaint ar an bhfeiniméan atá os a chomhair go fuarchúiseach. Níl aon ní maoithneach ag baint leis ach is cinnte go bhfuil atrua agus bráithreachas mar bhonn leis mar sin féin.

Is maith liom na seanfhocail chasta sa leabhar seo ach is deacair an seanfhocal lom simplí a shárú: “Fear gan bróga, fear gan sólás.” Sé fhocal, sin uile, ach insíonn siad an t-uafás ar fad. Thabharfainn an leabhar seo d’ábhar scríbhneora ar bith chun a léiriú di/dó go mbíonn blas ar an mbeagán.

Rud a chuirfeadh iontas ort an tslí ina raibh daoine in ann cur suas leis an gcruatan. (An raibh aon rogha acu?) “Is fearr an deatach ná gaoth an tseaca.” I bhfocail eile, dá olcas í drochthine nach fearr i bhfad í ná a bheith reoite ag an bhfuacht. Bhí creideamh an-láidir ag an seandream, ar ndóigh; go deimhin, bhí rud acu atá chomh tábhachtach le creideamh lá ar bith, is é sin acmhainn grinn: “Is fearr marcaíocht ar ghabhar ná coisíocht dá fheabhas!” Nár bhreá leat bualadh leis an té ar tháinig an seanfhocal sin óna bhéal an chéad lá riamh?

An bhfuil tú in ann cur suas lena thuilleadh cur síos ar an gcruatan? Má tá, ar aghaidh linn. Caithfimid a bheith cúramach, ar ndóigh, nach n-iompóimid inár n-andúiligh; tá an-chuid scéalta chailleach an uafáis á gcloisteáil againn le dhá bhliain anuas. Cad a dhéanfaimid dá gceal nuair a thiocfaidh feabhas ar chúrsaí arís?

Ar aon nós, féach cé chomh fuarchúiseach is atá an seanfhocal a leanas: “Beatha an asail, bata agus bóthar.” Na fíricí loma, sin uile, ach ba mhaith liom a shamhlú mar sin féin go raibh atrua éigin i gcroí an té a chum. I gCill Chiaráin a chualathas an seanfhocal áirithe sin. An mbeadh sé ag an nglúin óg? Ní bhacann siad le hasail a thuilleadh is dócha.

An raibh leigheas ar an gcruatan? Bhí! “Téirigh ar aimsir ag ligean do scíth/Nó pós, agus éirigh as imní an tsaoil.” Mo threighid is mo thubaiste, tugann na nótaí le fios gur ag magadh a bhí an té a chum! Tá go maith mar sin, fágaimis an cruatan inár ndiaidh agus tugaimis aghaidh ar an dóchas.

Arís, breis is leathchéad seanfhocal anseo a chuireann síos ar an dóchas. “An té a bhíos i bhfad á thuar, faigheann sé é sa deireadh.” An fíor? Chreid George Bernard Shaw ina leithéid ach chuir sé aguisín leis, caithfidh tú a bheith fadsaolach go leor chun an rud atá á thuar agat a fháil sa deireadh.

Anois, cad déarfá leis an gceann seo: “Coinnigh do chuid bróin go dtí an lá amáireach, is bí suáilceach inniu!” Is maith liom é. Meabhraíonn sé Ummon dom, an té a dúirt: “Lá maith is ea gach aon lá.” Ceann de na rudaí is deise a dúradh riamh is ea é sin, dar liom. Níorbh as Ros Muc do mo dhuine Ummon. Cérbh é? Máistir Zen ón Ríora T’ang sa tSín. B’ait an mac é. Déanta na fírinne tá rud éigin Zenúil i seanfhocail na Gaeilge, ina loime, ina ngontacht agus ina bhfírinne uilíoch: “Is geall le scéal maith, gan drochscéal.” Níor chuala mé riamh an ceann sin ach is breá lem chroí é. Ba cheart go mbeadh sé ar bharr ár ngoib níos minice againn.

Má thiteann tú éirigh arís, sin an teachtaireacht atá ag na seanfhocail dúinn: “Is minic a leag cac bó fear mór maith.” Is minic go deimhin! Bhain an ceann seo gáire beag asam: “Ní bheidh sé ag báisteach i gcónaí.” Tá súil agam nach mbeidh ar m’anam. Cad dúirt Aodh Mór Ó Neill? “Beidh lá geal gréine go fóill in Éirinn.” Áiméan.

Is seanfhocail idirnáisiúnta iad go leor leor de sheanfhocail na hÉireann agus cló Gaelach orthu. Chuas sa tóir ar a thuilleadh seanfhocal a bhain le téama seo an dóchais agus roinnfidh mé libh anois cuid de na seoda ar tháinig mé orthu. Ar a laghad ní dócha go ndéanfaidh siad dochar do léitheoir ar bith agus seans go bhfuil splanc dóchais ag teastáil ó dhuine éigin áit éigin inniu. “An té a bhfuil a shláinte aige tá dóchas aige agus an té a bhfuil dóchas aige tá gach aon rud aige.” (Seanfhocal Arabach). Anois duit!

Bíonn go leor seanfhocal saghas rúndiamhair. É seo, abair: “Ubh is ea an dóchas: faigheann duine amháin an buíocán, an dara duine an gealacán is an tríú duine an sliogán.” (Seanfhocal Danmhargach).

Nach bhfuil sé seo mistéireach chomh maith? “Taibhreamh an anama atá ina dhúiseacht é an dóchas.” (Seanfhocal Francach). Is dóigh liom go léiríonn sé sin an cumas atá ag an bhFrancach chun smaointe teibí a láimhseáil, tréith nár léirigh an Gael chomh mór sin, agus ní le seanbhlas a deirimse é sin, ar ndóigh. Ach cá bhfios cá bhfuair na Francaigh é? Seans maith go raibh sé ag Harry Statal rompu.

Léiríonn an chéad cheann eile an dul chun cinn atá sa Ghearmánach! “An eascann is lú amuigh bíonn súil aici a bheith ina míol mór.” Agus nach fileata atá sé seo: “I dtír an dóchais ní bhíonn sé riamh ina gheimhreadh.” (Seanfhocal Rúiseach). Go deas. Fágfaimid an focal scoir ag duine gan ainm: “Ná bain dóchas riamh d’éinne – b’fhéidir nach bhfuil aon ní eile aige.”

  • Foilseoidh Coiscéim leabhar trítheangach (Gearmáinis, Gaeilge, Béarla), an deichiú ceann sa tsraith atá déanta ag Rosenstock lena leathbhádóir Hans-Christian Oeser, Buille Croí le Walter Helmut Fritz, amárach ar 6.30pmsa Goethe-Institut, 37 Cearnóg Mhuirfean, BÁC 2. Fáilte mhór roimh gach aon duine