‘Neil’ an ceart aige

NÍ MÓ ná sásta a bhí an tráchtaire rugbaí aitheanta Neil Francis gur ar TG4 agus i nGaeilge a craoladh an cluiche idir Cúige …

NÍ MÓ ná sásta a bhí an tráchtaire rugbaí aitheanta Neil Francis gur ar TG4 agus i nGaeilge a craoladh an cluiche idir Cúige Laighean agus Cúige Mumhan sa tSraith Cheilteach le déanaí, a scríobhann Seán Tadhg Ó Gairbhí.

Dúirt Francis go raibh sé “seafóideach” go gcraolfaí cluiche chomh tábhachtach leis i nGaeilge amháin agus go mbeadh gach éinne níos fearr as dá ndíolfaí na cearta craolacháin don tsraith leis an tseirbhís Arabach Al Jazeera seachas “iachall” a chur ar dhaoine féachaint ar an stáisiún Gaeilge.

“Ar a laghad bheadh níos mó daoine in Éirinn a thuigfeadh cad é a bhí á rá in Araibis,” a dúirt Francis.

Ach bhí an éagóir teanga seo i bhfad ní ba thromchúisí ná mar a cheap Francis fiú.

READ MORE

Cúpla lá i ndiaidh dó a racht a chur de ar phár agus ar raidió, fógraíodh gur thuill beochlúdach TG4 ar imeachtaí an Aviva na figiúirí féachana rugbaí is airde riamh ar an stáisiún.

Cuireadh “iachall” ar 635,000 duine ar fad féachaint ar chlúdach TG4 agus b’éigean do 183,000 duine acu sin féachaint ar an gcluiche ó thús deireadh as Gaeilge.

Sháraigh an figiúr féachana sin an 129,000 duine a roghnaigh dá ndeoin féin féachaint ar chlúdach Béarla RTÉ ar Chúige Mumhan in aghaidh na Cardiff Blues.

‘Neil’ an ceart aige faoin iachall, is cosúil!