Néal oíche agus tine maidine

Beocheist:   Tá sé ag tarraingt ar a ceathair a chlog ar maidin nuair a chaithim glacadh leis go bhfuil fadhb agam

Beocheist:  Tá sé ag tarraingt ar a ceathair a chlog ar maidin nuair a chaithim glacadh leis go bhfuil fadhb agam. Táim suite ar an tolg ag impí os ard ar Wolf Blitzer ar CNN géilleadh go bhfuil réamhthoghchán New Hampshire buaite ag Hillary Clinton le go bhféadfainn dul a chodladh.

Tá Wolf ag seasamh an fhóid. "Tá bua do Hillary Clinton fógartha ag an Associated Press ach níl CNN sásta aon tuar cinnte a dhéanamh fós," a deir sé. Cé nach bhfuil aon chur amach agamsa ar phatrúin vótála mhuintir New Hampshire, bíodh siad ina nDaonlathaigh chláraithe nó neamhspleách, baineann nó fireann, tá a fhios agam le beagnach trí uair an chloig anuas go bhfuil bua i ndán do Clinton.

Tá an méid sin soiléir ó na figiúirí atá ag teacht isteach ó thús na hoíche. Ach tá Wolf agus a chairde fós ag fanacht leis na vótaí ó na ceantair ollscoile cé gur léir nach bhfuil dóthain acu ann leis an mbearna shuntasach idir Clinton agus Obama a dhúnadh.

Fanfaidh mé cúig nóiméad eile, a deirim liom féin agus Ron Paul, an Poblachtánach ó Texas, ag caint. Tá geonaíl dhiamhar uaidh agus é ag gabháil buíochais leis an 8 faoin gcéad de vótóirí ar éirigh leis iad a mhealladh. Dá mbeadh aon seans ag Ron bheadh deireadh curtha aige leis ag an ngeonaíl seo, ach níl aon seans ag Ron agus níl aon chúis go mbeinn anseo ag faire air, a lámha ag croitheadh go fiáin san aer aige agus an fhuaim seo nach bhfuil aon insint air ag teacht uaidh. Tuigeann Ron a chás agus tuigimse mo chás, ach níl aon fhuascailt i ndán dúinn, in ainneoin na bréaga a insímid dúinn féin.

READ MORE

Beidh Barack Obama chugainn gan mhoill, a deir Wolf. Faoin am seo, tá bua do Clinton á thuar agamsa, ag an Associated Press agus ag CNN, ach cén saghas amadáin a raghadh a chodladh agus Barack Obama ar tí labhairt? Aon duine a bhfuil dúil acu sa "soaring rhetoric" ní ag cuimhneamh ar a leaba atá sé nuair atá Barack ag prapáil leis chun labhairt 'beo' ar CNN. Agus is fear mór "soaring rhetoric" mise. Sea, dá airde an reitric is ea is fearr liomsa é.

Ní ligeann Barack síos mé. Tá sé níos fearr fiú ná mar a bhí sé in Iowa an tseachtain seo caite agus táim faoi gheasa arís ag a chaint rithimiúil chumasach a bhriseann ina tonn dóchais ar an aigne agus an spiorad. Seans gurb é an easpa codlata é ach tá cnapán i mo scórnach arís ag draíocht dochloíte Sheanadóir Illinois.

"Yes we can," a deir sé, arís agus arís eile, ag tabhairt dúshlán na n-ainchreidmheach. "Yes we can," a deir sé ag tabhairt dúshlán na staire. Féadaimid dul a chodladh anois. Yes we can. Nó an féidir? Tá Hillary ar tí a hóráid bhuacach a thabhairt uaithi ag ceannáras a feachtais.

Níl aon radhrac anois ar na deora a shil sí an lá roimhe do bhás na ré Clintonaí. Tá meangadh mór uirthi agus í ag fógairt a teacht aniar. Tá a guth aimsithe aici, a deir sí. Caithfimid cúpla neomat eile i bhfochair Wolf agus "the best political team on television" féachaint cén léamh atá acu siúd ar bhua Hillary agus teip Barack.

Tá Wolf anois ag cur i gcuimhne dúinn go bhfuil breis eolais agus figiúirí ar fáil ag bun an scáileáin do dhaoine a bhfuil teilifís ardghléine acu. "A little bonus for your high def dollar," a thugann sé air. Ní maith liom an chaint seo. Cheapas go raibh teilifís ardghléine agam, ach ní cosúil go bhfuil. Cad tá i gceist aige?

Téim a chodladh agus mo cheann suaite ag ceisteanna na hoíche. An mbeidh daoine dubha South Carolina sásta rítheaghlach Clinton a thréigean chun tacú le haisling an phrionsa Obama? An mó duine atá sna 'culinary unions' atá chun seasamh leis i Nevada, agus an gcuirfidh siad pota an dóchais ag fiuchadh dó arís?

Dúisím ar maidin agus baineann solas geal an tsaordhomhain preab asam. Ar chinnlínte nuachta RTÉ Raidió 1 bhíothas ag tabhairt Matt Romney ar an bPoblachtánach as Michigan, Mitt Romney. Goilleann an saghas seo dearmaid agus aineolais orm. Cuireann sé fearg orm, fearg an alcólaigh a bheadh ag éisteacht le daoine ag cur síos ar an bpóit atá orthu tar éis cúpla deoch a ól um Nollaig. Múchaim an raidió. An bhfuil a fhios ag na daoine seo fiú go bhfuil fir agus mná 'culinary unions' Nevada ag seasamh le Obama?

Sea, tá tuiscint a cheannaigh sé go daor ag an té a d'fhéach isteach i súile Ron Paul ag a ceathair a chlog ar maidin gan chúbadh, gan chorraíl. Tuigeann sé gur i bhfad uainn atá codladh na hoíche agus gur faide fós uainn breacadh an lae.