Naomh Niamh

DHÁ SHAMPLA bheaga eile d’éabhlóid na Gaeilge

DHÁ SHAMPLA bheaga eile d’éabhlóid na Gaeilge. Chonaic mé cailín scoile agus a hainm, idir ainm baiste agus sloinne, scríofa ar a mála scoile: Naomh a chéad hainm. Naomh? Sea, Naomh a bhí uirthi seachas Niamh.

Seans nár thuig a tuismitheoirí go raibh difear idir Naomh agus Niamh. Nó seans gur thuig. B’fhéidir go raibh siad ag súil go mbeadh Naomh ina naomh i gcónaí agus nach raibh bealach ar bith ann go mbeadh Niamh ina naomh i gcónaí.

Agus tabhair faoi deara go bhfuil amhránaí óg as Meiriceá sna cairteanna, Ciara, agus í ag canadh le Justin Timberlake. Ach is mar “Sierra” a fhuaimnítear a hainm agus ní de réir ghnás na Gaeilge.

Níl a fhios agam an bhfuil sin, like, kúl. B’fhéidir gur chóir do ghrúpaí Gaeilge feachtas foghraíochta a thosú?