Ná bac an pléascán beag sin san Íoslainn...

BEOCHEIST: NÁ BAC an pléascán beag sin san Íoslainn

BEOCHEIST:NÁ BAC an pléascán beag sin san Íoslainn. Dá mbeifeá ag éisteacht leis na cláracha sin a fhreastlaíonn ar ghlaonna ón bpobal, chreidfeá go raibh bolcán dár gcuid féin amuigh ansin agus é réidh le pléascadh. Ceal toghcháin, tá daoine anois ag cur guth leis an bhfearg chiúin a bhí faoi thalamh. Tá na sruthanna dearga té ag sileadh síos taobh an tsléibhe chuig na stáisiúin raidió.

Port amháin a bhíonn go rialta i mbéal lucht glaoite na gclár nach dtuigeann siad cén áit a bhfuil an teacht aniar traidisiúnta a bhíodh ag pobal na hÉireann. Ar chlár amháin luadh spiorad 1916 trí huaire. An cheist is coitianta acu ná cén fáth nach bhfuil na mílte amuigh ar na sráideanna ag léirsiú? Níos faide a théann cuid acu. Measann siadsan gur chóir fanacht ar na sráideanna go dtí go dtiteann an Rialtas a chuir an phraiseach ar fud na mias.

Ar ndóigh, mar a mhínítear dóibh, tá rud ar a dtugtar “an daonlathas parlaiminteach” ann. Mar sin, cé gur léir gur beag tacaíocht atá ag an Rialtas de réir na bpobalbhreitheanna, tá cead acu fanacht go dtí go n-athraíonn an tromlach sa Dáil. Ní féidir daonlathas bunaithe ar phobalbhreitheanna bheith againn...fiú má chiallaíonn sé go gcoinníonn rialtas greim an fhir bháite ar chumhacht tré bheith ag tochras ar cheirtlín Theachtaí Dála neamhspleácha.

Ach ní nach ionadh, cuireannn dalbacht an Rialtais leis an dtuairim go bhfuil a fhios acu go bhfuil a margadh déanta agus go bhfuil siad chun pá, costaisí agus pinsin dhá bhliain eile a fháil as an Dáil sula gcuirtear chun bóthair iad. Ní soiniciúlacht go dtí í, a déarfá. Ach tá an tuairim sin anois go forleathan i measc an phobail agus is féidir le Teachtaí Dála labhairt as seo go Lá an Luain faoin ngearradh pá agus costas a d’fhulaing siad féin. Ní hionann gearradh 10 faoin gcéad ar bheagán agus an 10 faoin gcéad ar phá TD.

READ MORE

Ach, ní haon chabhair don iarracht an tír seo a chur ar ais ar bhealach a leasa na scéalta leanúnacha airgeadais atá ag teacht amach ar bhonn seachtainiúil anois. Glac, mar shampla, an ceann faoin €4bn d’airgead an cháiníocóra atá á gcur isteach i mbanc Anglo Irish.

Thug an Taoiseach agus an tAire Airgeadais le fios nach gcuirfeadh sé seo leis an easnamh náisiúnta airgid mar gur caiteachas infheistíochta a bhí ann, ach ní mar sin a ghlac an Comhaontas Eorpach leis.

Mar thoradh, fógraíodh go raibh an t-easnamh is mó ag Éirinn sa CE – níos mó ná easnamh na Gréige atá ag iarraidh déirce faoi láthair.

Tá cuid dá luach agus dá neart caillte ag an bhfocal “dochreidte” in Éirinn de bharr ar tharla dúinn le dhá bhliain anuas. Ach níl aon fhocal eile a chuireann síos ar an mhíthuiscint iomlán a léiríonn an eachtra seo faoi mheon an CE, ní amháin ó thaobh an Taoisigh agus an Aire Airgeadais de, ach go háirithe ó thaobh a gcuid comhairleoirí sa státseirbhís.

Rud eile atá ag cur le fás an bholcáin is ea an tuairim go bhfuil deis iontach á cailliúint ag an Rialtas ina gcaidreamh leis na bancanna. Den chéad uair le fada tá na bancanna móra thíos ar a ndhá ghlúin agus tá seans ag an Rialtas greim a fháil orthu agus an córas lofa a bhí i réim go dtí seo a athrú.

Is é atá á shoiléiriú áfach in aghaidh an lae gurb iad na bancanna atá tar éis greim a fháil ar an Rialtas – nó le bheith cruinn ar airgead an Rialtais.

Nuair a bhíodh na bancanna ag carnadh airgid, ba chuma le daoine cad é mar a chaitheadh siad é. Bhí córas bunaithe ag na bainisteoirí a d’íocfadh pá, costaisí, bónais agus pinsin ollmhóra leo féin. Cead acu. A gcuid airgid féin a bhí ann, dar lena lán.

Ach anois is airgead mhuintir na hÉireann atá ag coinneáil na huasalaicme seo i bpostanna. Sa gcomhthéacs sin, ba scannalach an cinneadh a rinne bord Bhanc na hÉireann €1.49m a chur isteach i bpinsean a bpríomhfheidhmeannaigh Richie Boucher chun go bhféadfadh sé éirí as obair ag aois 55. Is cuma gur dhiúltaigh sé dó faoi bhrú ollmhór, is leor gur dearnadh é. Mar bharr ar an olc, rinneadh é le beannacht an Aire Airgeadais.

Faoin aeráid chráite ina mairimid, nuair atá pinsin seanaoise an Stáit á ngearradh, sáraíonn an meon taobh thiar den gcinneadh seo aon iarracht tuisceana.

Is léir nach bhfuil gortghlanadh ceart déanta ar cheannasaíocht na mbancanna fós. Nó le húsáid a bhaint as ráiteas clúiteach i gcomhtheacs eile: “They haven’t gone away, you know”

Tá sé in am dóibh imeacht agus ba chóir go gcuirfí iallach orthu imeacht. Nach iad a mhúscail an bolcán?