Mí na meala nár mhair mí

CROBHINGNE: SA SCANNÁN Anne of the Thousand Days meabhraíonn Anne Boleyn di féin go raibh aon lá sona amháin aici as an míle…

CROBHINGNE:SA SCANNÁN Anne of the Thousand Daysmeabhraíonn Anne Boleyn di féin go raibh aon lá sona amháin aici as an míle a chaith sí i gcomhluadar Annraoi rua ramhair.

Is féidir go raibh an t-áireamh cruinn ceart aici mar bhí sé cinn de mhéara ar aon láimh amháin léi, an t-áireamh céanna is a raibh de mhná ag an seanbhuicéad urlacain é féin.

Seans go raibh sí ag déanamh a marana air seo fad is a bhí sé féin ag cumadh Greensleevesmar chuimhne ar oíche phóite sa phálás.

B’fhearr go mór is go fada an mhí meala a fuair an Taoiseach nua. Aon lá amháin a bhí ag Anne bhocht; d’éirigh le hEnda 11 lá a fháscadh as a réimeas.

READ MORE

Bhí na réaltaí ar fad laistiar de, bhí an ghaoth ag séideadh go cóir, bhí cairde san Eoraip go lách, bhí preas na hÉireann á phógadh go miochaireach mar is é a bhí inphógtha murab ionann agus Taoisigh eile.

Bhí na pleananna d’fhonn na banríona saxachóburgaí a chlasú chun ár gcroí agus chun an uachtaráin uí bháma a chomóradh le hósannannaí gan chrích i gclár is i bhfoirm againn.

Bhí an saol huncaí deoraí, bhí duine éigin ar neamh, bhí poist le dáileadh, bhí baincéirigh go béasach, bhí iriseoirí go humhal. Agus ansin, tharla an saol. An saol mallaithe arís ar ais.

Gan choinne d’fhill an stair, tá’s agat. Gan iarraidh, taibhsíodh na taibhsí.

Mheas cuid againn go nglacfadh sé bliain, nó seacht mí, nó 100 lá is lá eile ar son na seanaigne, ach ba ghasta an gaiste ná sin.

Labhair guth Uí Mhuircheartaigh go toll is go húdarásach mar a labhrann guthanna Uí Mhuircheartaigh de ghnáth.

Gan choinne tuigeadh dúinn go raibh Fine Gael tráth dá raibh i gcumhacht agus go mbíodh na céapair chéanna ar siúl acu is a bhíodh ag na heffen efferachaí. Bhí sin dearmadta chomh cinnte is a bhí sé dearmadta gur bhuaigh Ciarraí craobh na hÉireann san iomáint.

Bhí ligthe i ndíchuimhne an gheaing throm is iarmhairt bhuamaí bhaile átha cliath is cáin ar leathbhróga leanaí is pictiúr an phrionsa Shéarlais go mórálach in oifig Taoisigh is ar gach rud nach rud raibh caoi acu ar a dhéanamh mar nach raibh siad i gcumhacht.

Dheineamar dearmad gurbh é an fáth nach raibh Fine Gael chomh lofa leis na heffen efferachaí nach raibh a gcrág sa scipéad acu. De thapaigean tuigeadh dúinn nár athraigh puinn, ná tada, ná giob, ná faic.

Scaiptear ceo dorcha timpeall ar thuarascáil an bhreithimh Uí Mhuircheartaigh. Níl aon abairt dá bhfuil nach féidir abairt eile a fháil a bhréagnóidh í.

Dá mhéad é an séanadh is ea is lú an cur leis. Labhair go láidir is bíodh airgead mór agat. Is aoibhinn é an ceo i mbéal na fírinne.

Is geal é deatach do thí féin. Feictear leá chúr na habhann san áit a raibh tuile roimhe seo.

Níl nath na frása sna scríbhinní diaga thall is abhus nach féidir cogadh a thionscaint dá dheasca. Má mhaireann Tuarascáil Uí Mhuircheartaigh míle bliain seans go mbeidh seicteanna fós ag aighneas faoi chiall an bhunchló agus na céille bunaidh.

Gabhtar timpeall an tí agus ar ais fan an driosúir agus cóngar an chnoic, ach fós tá nithe áirithe ina seasamh amach mar a bheadh goirín ar phortráid Oilibhéir Chromail, nó túáille ar chloigeann Osama Bin Laden, nó gallán Nelson sula bhfuair sí a chothrom de chaitheamh.

Is é an ros is mó atá ag síneadh romhainn amach ná cad ina thaobh go dtabharfadh fear gnó ar bith, d’aon sórt, d’aon dath, d’aon ghlaoch, d’aon dílseacht, airgead ar bith d’aon sórt, d’aon dath, d’aon chineál, do pholaiteoir ar bith d’aon chineál, d’aon pháirtí, d’aon dath, d’aon pé rud is maith leat?

Ní heol dom go dtugann fir ghnó na cnocáiníní óir amach don Pháirtí Sóisialach ná don Chomhaontú Clé ná don PBP, rud a thabharfadh le fios duit nach ar son na maitheasa poiblí a dhéantar amhlaidh.

“Mo bhuíochas leat ar son an tsíntiúis seo, is tú atá flaithiúil! Cad is féidir liom a dhéanamh ar do shon?”

“Ó, faic in aon chor, níl ann ach gur cheapas go n-oirfeadh duit.”

“Ó, is flaithiúla fós tú. Cad é an gnó sin atá agat, a dúirt tú?”

Is ionann síntiús polaitiúil agus breab. Ceart go leor, ó thaobh an dlí de níl cead againn an focal sin a úsáid.

Tarraingím siar é, le croí maith dúr, agus ar eagla bhinse fiosrúcháin eile.

Ach is breab mar sin féin é, ceal focail ar bith eile.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar