'Let's roll! ' a deir George

ÁIT, Irish Times, Dáta, 14/03/03: Inniu, dheimhnigh an Dr Hans Blix go raibh gach diúracán, gach roicéad agus gach buama a bhí…

ÁIT, Irish Times, Dáta, 14/03/03: Inniu, dheimhnigh an Dr Hans Blix go raibh gach diúracán, gach roicéad agus gach buama a bhí i seilbh fhórsaí na hIaráice dumpáilte i lár an ghaineamhlaigh agus scriosta le hábhar pléascach.

Dúirt Blix agus a chomhleacaithe a chonaic an scriosadh gur céim ollmhór dí-armála a bhí ann a d'fhág arm na hIaráice gan mhór-uirlísí cogaidh taobh amuigh dá gcuid tancanna.

Cé nach raibh a leithéid iarrtha faoi rúin na Náisiún Aontaithe, léirigh sé an comhoibriú a bhí á fháil anois.

Chuir mórán ceannairí ar fud an domhain fáilte roimh an tuairisc is déanaí ó Blix mar fhianáise go raibh an Iaráic ag géilleadh do thoil na Náisiún Aontaithe.

READ MORE

Ach i Washington, thug an tUachtarán Bush "a thuilleadh cleasaíochta" ar an ngníomh.

Dúirt sé go raibh sé ag éirí tuirseach d'iarrachtaí Saddam Hussein dallamullóg a chur ar mhuintir shibhialta an domhain thiar.

"Seanchleas é seo. Tá sé i ndúchas agus i gcultúr na hIaráice seó mór a eagrú i lar an ghaineamhlaigh," a dúirt sé. "Ní gá duit ach do Bhíobla a léamh mar a léimse gach lá é leis an gcleas seo a aithint. Tá airm eile i bhfolach ag an bhfear seo agus táimidne meáite ar dheireadh a chur le réimeas a thugann tacaíocht do sceimhlitheoirí."

"...a thugann tacaíocht do sceimhlitheoirí," a dúirt Tony Blair, príomhaire na Breataine.

Idir an dá linn, chuaigh tancanna Iosraelacha isteach i gcathair Gaza inné agus mharaigh siad 16 Palaistíneach, cúigear acu faoi bhun 12 bliain.

Dúirt an t-oifigeach ceannais go raibh na buachaillí ag bagairt ar a gcuid tancanna le clocha.

* * *

ÁIT, Irish Times, Dáta, 15/03/03

INNÉ, chonacthas scamall mór deataigh os coinn chathair Bhaghdad nuair a phléasc arm na hIaráice gach eitleán dá raibh ag aerfhórsa na hIaráice ag aerphort taobh amuigh den gcathair.

Cuireadh na heitleáin i líne dhíreach agus scaoil tancanna sliogáin leo go dtí nach raibh fágtha ach smionagar.

Dúirt Blix, a bhí i láthair, nach raibh sé seo iarrtha ag na Náisiúin Aontaithe ach gur ghlac sé leis mar chomhartha eile dea-tola.

Mhaígh George Bush, áfach, gur iarracht eile a bhí ann dallamullóg a chur ar mhuintir an domhain agus nach raibh aon rún ag Saddam dí-armáil.

"Píosa maith caidrimh phoiblí a bhí ann," a dúirt sé, "ach tá a fhios againn nach bhfuil aon rún aige dí-armáil dáiríre. Is fear é seo atá ina bhagairt ar an domhan saor. Beidh muintir na hIaráice buíoch dínn as iad a shaoradh ó thíorán a mharaigh agus a thugann tacaíocht do sceimhlitheoirí."

"...a thugann tacaíocht do sceimhlitheoirí," a dúirt príomhaire na Breataine, Tony Blair.

Idir an dá linn, chuaigh fórsa mór armúrtha d'arm Iosrael isteach i gcampa Jenin inné, leag siad 20 teach agus mharaigh siad 20 Palaistíneach, beirt bhan a bhí torrach agus cúigear pinsinéirí ina measc.

Ghabh siad leithscéal as, á rá gur ar bhuachaillí beaga a bhí siad ag scaoileadh.

* * *

ÁIT, Irish Times, Dáta, 16/03/03

TÁ sé deimhnithe ag Hans Blix agus a fhoireann gur thug arm na hIaráice a gcuid tancanna agus a gcuid gunnaí go léir amach go dumpa i lár an ghaineamhlaigh inné agus gur scrios siad iad lena raibh fágtha acu d'ábhar pléascach.

"Níl fágtha ag arm na hIaráice anois ach a gcultacha éadaigh agus a lámha," a dúirt Blix.

Tá an gníomh is déanaí dí-armála molta ag an gcuid is mó de cheannairí an domhain ach cháin Uachtarán Mheiriceá George Bush an gníomh mar "taobh-seó a bhí dírithe ar aird a mhealladh ó na fíor-airm a bhí i gceilt acu."

"Tá ábhar fós acu," a dúirt sé, "a bheadh ina an-chabhair do sceimhlitheoirí."

"...an-chabhair do sceimhlitheoirí," a dúirt Tony Blair.

Idir an dá linn chuaigh tancanna Iosraelacha isteach i gcampa teifeach ar an mBruach Thiar agus mharaigh siad deichniúr Palaistíneach.

***

ÁIT, Irish Times, Dáta, 17/3/03

INNÉ dheimhnigh Hans Blix go raibh cuardach déanta aige ar chorp Saddam Hussein é féin agus ar iomlán a chaibinéid agus iad lomnocht agus nach raibh tada faighte aige.

Dúirt Blix, a raibh lámhainní latex fós á gcaitheamh aige, gur scrúdú dian a bhí ann agus gur chuartaigh siad fiú faoina gcroiméil.

"Gimic eile é seo nach n-athraíonn aon rud," a dúirt George Bush. "Ta deireadh foighne sroiste againn. Let's roll, boys!"

"Let's roll, boys!" a dúirt iar-phríomhaire na Breataine, Tony Blair.