Ifor, file, san ardchathair

Seoladh Ciorcal Comhrá Breatnaise go hoifigiúil in ionad Gaelchultúr (www.gaelchultur

Seoladh Ciorcal Comhrá Breatnaise go hoifigiúil in ionad Gaelchultúr (www.gaelchultur.com), Foirgneamh Filmbase, An Chuarshráid, Barra an Teampaill aréir.

Ba é an file Breatnaise, Ifor ap Glyn, a d'fhógair an Ciorcal i mbun gnó agus bhí bia agus deoch ar fáil agus filíocht agus ceol le cloisteáil. Aithnítear ap Glyn ar dhuine de na filí Breatnaise is fearr atá ag scríobh faoi láthair.

D'aistrigh, Gabriel Rosenstock, file agus aistritheoir, cuid dá dhánta do Comhar agus is léir go bhfuil buanna móra samhlaíochta agus teanga ag ap Glyn. Ná bíodh imní ort mura raibh tú i láthair don ócáid.

Tá fáilte roimh chách, idir fhoghlaimeoirí agus Bhreatnaiseoirí, go fóill. Tiocfaidh an ciorcal le chéile ina dhiaidh seo ar an chéad Aoine den mhí (3ú Márta, 7ú Aibreán, 5ú Bealtaine, 9ú Meitheamh, 7ú Iúil) ag 7pm san ionad céanna.

READ MORE

Ní bheidh aon chostas i gceist agus ní gá áit a chur in áirithe roimh ré.