Gradam IFTA do Titley

Bhain an scríbhneoir, ollamh ollscoile agus colúnaí de chuid an nuachtáin seo, Alan Titley, gradam de chuid an Irish Film and…

Bhain an scríbhneoir, ollamh ollscoile agus colúnaí de chuid an nuachtáin seo, Alan Titley, gradam de chuid an Irish Film and Television Awards, as a scannán, Máirtín Ó Cadhain: Rí an Fhocail.

Tá IFTA ar an ghradam is céimiúla a bhronnann earnáil na teilifíse. Is fada Titley aitheanta mar dhuine de na húdair is cumasaí sa Ghaeilge agus tá sé anois ag fáil aitheantais as a chumas scripteanna teilifíse a scríobh.

Ar seisean: "Tá áthas an domhain orm gur bhain Máirtín Ó Cadhain: Rí an Fhocail.

Tá áthas orm do Sheán Ó Cualáin agus do Mhac Dara Ó Curraidhin a rinne an scannán, agus do mhuintir Uí Chadhain arb aitheantas é don iarracht leanúnach atá á dhéanamh acu a ainm agus a chuid saothair a choimeád os comhair an phobail. Dúshlán domsa script scannáin a scríobh mar nach mbíonn an tsaoirse chéanna agat is a bhíonn le húrscéal nó le dráma, fiú amháin."