Gradaim Bisto 2010 agus staid litríocht na n-óg

TUARASCÁIL: Ó 1997 ar aghaidh, tá an eagraíocht Leabhair Pháistí Éireann ag cur litríocht na n-óg chun cinn sa tír seo. Thacaigh…

TUARASCÁIL:Ó 1997 ar aghaidh, tá an eagraíocht Leabhair Pháistí Éireann ag cur litríocht na n-óg chun cinn sa tír seo. Thacaigh sí le hiliomad tionscadal nuálaíoch thar na blianta, ó fhéilte leabhar, go Inis(irisleabhar a phléann litríocht na n-óg), go bunú agus buanú "Laureate na nÓg," ról ómóis ar ghlac an scríbhneoir aitheanta Siobhán Parkinson leis ar na mallaibh.

Ach aithnítear Gradaim Liteartha Bisto mar bhuaic bhliantúil na heagraíochta seo go mion minic agus bhí sé de phribhléid agamsa bheith mar dhuine de na moltóirí ar an gcomórtas seo i mbliana.

Is é aidhm an chomórtais bhliantúil seo luaíocht agus aitheantas a thabhairt do scríbhneoirí is maisitheoirí cumasacha do pháistí, bíodh a gcuid leabhar as Béarla nó as Gaeilge.

Chaith mé ceithre mhí ar aistear aislingeach léitheoireachta, ag léamh breis is 80 leabhar ar an mbealach, agus féadaim a rá gur fhoghlaim mé rud nó dhó faoin mbainistíocht ama i rith na tréimhse sin.

READ MORE

Fógraíodh na buaiteoirí an tseachtain seo caite: pictiúrleabhar fealsúnach do pháistí óga dar teideal There, a scríobh agus a mhaisigh Marie-Louise Fitzpatrick; agus úrscéal do dhéagóirí dar teideal Solace of the Road, a chum Siobhán Dowd, agus a bhaineann le cailín ag fás aníos i Sasana faoi chúram na seirbhísí sóisialta.

Bronnadh Gradam Eilís Dillon (don té a chum a chéad saothar do pháistí) ar Bob Burke dá leabhar bleachtaireachta The Third Pig Detective Agency, ina bhfeicimid carachtair aitheanta na síscéalta i suíomhanna anaithnide agus iad ag glacadh páirte i síscéal úrnua; agus ba é Chalklineó pheann Jane Mitchell, rogha na bpáistí féin, úrscéal a théann i ngleic le fulaingt an bhuachalla óig sa Chaismír agus é ina throdaí saoirse in ainneoin a thola.

Bhí dhá leabhar Ghaeilge ar an ngearrliosta do Ghradaim Bisto: An Gréasaí Bróg agus na Sióga(An tSnáthaid Mhór), do pháistí bunscoile, scríofa ag Caitríona Hastings agus maisithe ag Andrew Whitson, agus Gluaiseacht(An Gúm), úrscéal coscrach do dhéagóirí, scríofa ag Alan Titley.

Le scór bliain anuas, tá gearrliosta Ghradaim Bisto ag feidhmiú mar scáthán ar ghnéithe de chultúr na n-óg agus de shochaí na tíre seo i gcoitinne. Cé go raibh an ficsean stairiúil Éireannach i mbarr a réime sna 1990í luatha, agus lucht a chumtha, Morgan Llywelyn agus Marita Conlon-McKenna ach go háirithe, ag barr liostaí Bisto an tráth úd, níl ach leabhar amháin ar ghearrliosta na bliana seo lonnaithe in Éirinn, mar atá, Colm and the Lazarus Key, le Kieran Mark Crowley.

Dhírigh buaiteoirí na 1990í luatha, fearacht Eilís Dillon agus John Quinn, ar shoineantacht na hóige i suíomhanna teoranta; ach láimhseálann cuid mhaith de leabhair na bliana seo téamaí ar nós scrios na hóige i suíomhanna domhanda: téann Gluaiseachtagus Chalklinei ngleic le cruachás an pháiste ag fás aníos sa Tríú Domhan; baineann leabhair eile le domhan na fantaisíochta.

Tá an maisitheoir cáiliúil P.J. Lynch ar an ngearrliosta fosta, mar aitheantas do na léaráidí a chuir sé leis an leabhar Meiriceánach Lincoln and his Boys, scríofa ag Rosemary Wells. Cé go bhfuil go leor leabhar cruthaitheach do dhéagóirí ar ghearrliosta Bisto i mbliana, tugtar ardurraim do leaganacha nuálaíocha de sheanscéalta clasaiceacha freisin.

TUGANN An Gréasaí Bróg agus na Siógaan-léiriú air seo, agus é mar leagan úr de shíscéal na nDeartháireacha Grimm a chéadfhoilsíodh beagnach 200 bliain ó shin. Tá an leagan nua seo, le léaráidí breátha agus dathanna créúla, i bhfad níos tarraingtí do léitheoirí óga an lae inniu ná mar a bheadh Micilín agus an dá Leipreachán, seanleagan Mhairéad Ní Ghráda, den scéal céanna.

Tá Gradaim Bisto bainte amach ag na húdair a chum There, Solace of the Road, Gluaiseachtagus Chalklineroimhe seo, agus cé nach ionann seánraí ná suíomhanna na gceithre leabhar thuasluaite, téann siad uilig i ngleic leis an aistear ón óige go saol an duine fhásta.

Spreagann siad an léitheoir chun dianmhachnamh a dhéanamh ar cheisteanna féiniúlachta, an neamhspleáchais, na céille ceannaithe, agus ar theorainneacha a bhaineann le saoirse an duine.

Tá There mar mhacalla ar Le Petit Prince(1943), cumtha ag Antoine de Saint-Exupéry, sa mhéid is go bhfuil cuma an-simplí ar léaráidí agus ar théacs an phictiúrleabhair, ach is cur i gcéill é sin, óir dúisíonn an scéal domhainsmaointe an léitheora, idir imní agus uaillmhian.

Trí pheirspictíocht an pháiste aonair, a bhfuil ceisteanna ciallmhara aici faoi ghnéithe éigiallta den domhan, feicimid an saol mar aistear uathúil trí thailte úra. Is léiriú é Therear chumhacht na samhlaíochta agus é in ann ealaín as an ngnáth a chruthú as seanmhúnla.

Baineann ceardaíocht na scéalaíochta go dlúth le Solace of the Road, úrscéal tráthúil, greannmhar agus truamhéalach faoi dhéagóir óg Sasanach darb ainm Holly Hogan, ar thréig a máthair Éireannach í. Tréigeann Holly a baile altrama faoi seach agus cruthaíonn sí persona cosantach di féin darb ainm "Solace".

Ach fad is a théann Solace ar aistear go hÉirinn chun máthair Holly a aimsiú, téann Holly ar aistear inmheánach dá cuid féin agus léirítear di gur chruthaigh sí Solace ar an gcaoi chéanna ar athchruthaigh sí a máthair mar bhean dheas, ghrámhar, in ainneoin na fírinne. Is Bildungsromanden chéad scoth é seo, a oireann don 21ú haois.

Ní haon ionadh é go bhfuil roinnt mhaith léirmheasanna scríofa ar Gluaiseachtcheana féin, agus tá an t-úrscéal seo níos coscraí ná Solace of the Road, sa mhéid is go nglactar leis go mbaineann cruachás Solace nó Holly léi féin amháin. Ach toisc gur roghnaigh Titley ainmfhocal teibí mar theideal a leabhair, agus toisc nár ainmnigh sé a phríomhcharachtar ná na háiteanna ina raibh sé, cruthaítear malaiseuileláithreach sa scéal seo, mar a bheadh scéal na mílte duine ann.

Cuireann an t-úrscéal seo tús le seánra nua i dtaobh litríocht na n-óg as Gaeilge agus insíonn sé scéal buachalla óig ón Afraic agus é ag streachailt leis an saol, ón uair a maraíodh gach duine ina bhaile dúchais go dtí go gcuirtear ar imirce é chun na hEorpa. Baineann Titley úsáid as teanga lom mar mhacalla ar lomadh an phríomhcharachtair óig, agus lomann sé sochaí an iarthair freisin, sochaí nach dtugann aird ná aire do dhaoine ón iasacht a bhfuil cabhair de dhíth orthu.

Cé go bhfuil cúis cheiliúrtha againn agus leabhair den scoth ar fáil do pháistí, is ábhar bróin é gurb é Solace of the Roadan leabhar deireanach ó pheann Siobhán Dowd. D'éag Dowd sa bhliain 2007 agus níor mhair sí go bhfeicfeadh sí rath a cuid leabhar (ceithre Ghradam Bisto as a chéile i measc duaiseanna eile). Chaill an tír seo duine dá mórscríbhneoirí, gan fhios di féin.

  • Is léachtóir le Gaeilge í an Dr Ríona Nic Congáil i gColáiste Phádraig, Droim Conrach, agus tá sí ina stiúrthóir ar Chumann Scríbhneoirí Úra na Gaeilge.