Foras ar lorg 'foilseachán nuachta laethúil'

Muileann muilte Dé go mall agus is moille arís a mhuileann muilte Fhoras na Gaeilge

Muileann muilte Dé go mall agus is moille arís a mhuileann muilte Fhoras na Gaeilge. D'fhógair an t-eagras uile-oileánda ag an Cháisc go raibh siad ar lorg "léiriú suime i dtáirgeadh fhoilseachán nuachta laethúil Gaeilge".

Aisteach go leor, ámh, tá an Foras ag maoiniú Lá - nuachtán laethúil Gaeilge is cosúil - ó Aibreán 2003. Níor fhógair an Foras ag an am go raibh nuachtán laethúil uathu. Reáchtáil siad comórtas do nuachtán seachtainiúil agus thug Foinse an lá leo an t-am sin - má thuigeann tú leat mé. Ba iad muintir Lá féin a bhailigh airgead do nuachtán laethúil agus sheol ar a gconlán féin é.

Cén chiall atá le baint, mar sin, as cinneadh seo an Fhorais "léiriú suime" a lorg anois, trí bliana i ndiaidh do Lá tabhairt faoin fhiontar, agus cén chiall atá le baint as an líne gur "foilseachán nuachta laethúil" atá á lorg acu??

Iarrann cáipéis an Fhorais ar gach iarrthóir síos ar an chineál foilseacháin a bheadh i gceist aige: "nuachtán ann féin nó forlíonadh/fillteán/rannóg (lgh) faoi leith i nuachtán náisiúnta reatha". Iarrtar fosta plean margaíochta agus plean gnó. Caithfidh an méid sin, mar aon le cáipéis 2,000 focal, faoin chúigiú lá, Bealtaine.

READ MORE

Ina dhiaidh sin, tabharfaidh an Foras cuireadh do na "hiarrthóirí fiúntacha a gcuid moltaí a fhorbairt agus iarratas foirmeálta a chur faoi bhráid an Fhorais".

Sa mhéid is gurb ann do Lá - agus sin a bhfuil le rá ar a shon - shílfeá tús áite bheith acu sna cúrsaí seo. Ach is léir go scrúdóidh an Foras chur chuige nua ó dhreamanna eile. Thiocfadh dó go gcuirfí cathú ar nuachtán Béarla iarratas a chur isteach. Foilsíonn an Irish News, mar shampla, dhá leathanach Ghaeilge cheana féin.

An bhfuil margadh ann do nuachtán laethúil Gaeilge? Tugann iarrachtaí Lá le fios nach bhfuil agus nach féidir an margadh sin a bhaint amach gan acmhainn mhór bheith ar fáil bliain i ndiaidh bliana.

Tá na seirbhísí nuachta raidió agus teilifíse i nGaeilge go mór chun tosaigh ar na meáin chlóite Ghaeilge ó thaobh acmhainne de. Is fusa go mór ag lucht na Gaeilge ar fud na hÉireann iad a aimsiú agus tugann siad dúshlán na foilsitheoireachta Gaeilge gach lá.

Ar an taobh eile de, tá an tIdirlíon ag tabhairt dhúshlán na nuachtán laethúil Béarla is mó féin; is cruálach an fharraige í margadh na nuachtán ag báidín Gaeilge, anois ach go háirithe.

Maireann, gan amhras, margadh d'ábhar clóite i nGaeilge. Is léir gur cothú leanúnach a bheidh de dhíth leis an dé a choinneáil sa mhargadh beag sin féin.

Beidh le feiceáil ar theacht na Bealtaine an tús nua samhlaíoch a bheidh ann do "fhoilseachán nuachta laethúil" nó athdhearbhú oifigiúil ar an rud atá ann cheana féin.