Fis nar fioraiodh

Nuair a foilsíodh Bille na dTeangacha, bhí dhá alt thábhachtacha ann

Nuair a foilsíodh Bille na dTeangacha, bhí dhá alt thábhachtacha ann. Bhí Alt 8 ann a thug ceart do dhaoine aonair cumarsáid a dhéanamh le forais Stáit i gceachtar den dá theanga oifigiúla.

Leag Alt 9 dualgas ar na heagrais Stáit seirbhís a chur ar fáil don phobal de réir na scéimeanna a bhí socraithe.

Bhain Ó Cuív an dá alt sin as an mBille sa Seanad. Creideann Ó Laighin gur tubaiste a bhí ansin: "In aon mheadar amháin bhí an ceart agus an dualgas scriosta" agus "criogadh an tAcht ar fad".

Ceapann Ó Laighin go bhfuil cumhacht an Bhille laghdaithe go mór, gan an dá alt sin. "Ag cur imeacht na n-alt seo sa mheá lena bhfuil fágtha sa Bhille, dar liom, nach cóir an Bille a achtú."

READ MORE

Scríobhann sé go raibh fís ag Ó Cuív nuair a chuir sé roimhe reachtaíocht a thabhairt isteach a chuirfeadh deireadh leis an leatrom atá á dhéanamh ar lucht labhartha na Gaeilge.

Ach tá an fhís agus an tAcht imithe ar strae.

"Ní haon mhaith Acht nach dtabharfaidh ceart do phobal na tíre déileáil le comhlachtaí poiblí, agus go háirithe leis an Stát, sa teanga oifigiúil a roghnaíonn siad féin; agus ní haon mhaith Acht nach gcuireann dualgas ar na comhlachtaí poiblí céanna seirbhísí a chur ar fáil do gach saoránach ar bhonn comhionann maidir lena rogha den dá theanga oifigiúla."

Ar ndóigh, is féidir gearán a dhéanamh le Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla mura mbíonn eagras poiblí sásta an scéim atá socraithe a chur i gcrích.

Ach is beag is féidir leis an gCoimisinéir a dhéanamh seachas tuarascáil a chur os comhair an Oireachtais.

Is beag gearán atá ag aon duine faoi na míreanna a bhaineann le Coimisinéir na dTeangacha Oifigiúla. Tá an Oifig múnlaithe ar a mhacasamhail de Choimisinéir Teangacha i gCeanada.

Tá difríocht mhór amháin ann, dar le Ó Laighin. Tá ceart ag an gCoimisinéir i gCeanada thar ceann duine aonair agus, as a stuaim féin chomh maith, leigheas a lorg. Ní bheidh an ceart sin ag Coimisinéir Teangacha na hÉireann.

Ardaíonn Ó Laighin ceist fíorspéisiúil eile.

De réir Alt 9(a) sa Bhille leasaithe, caithfidh gach comhlacht poiblí a shonrú céard iad na seirbhísí a sholáthrófar (i) trí Ghaeilge amháin (ii) trí Bhéarla amháin agus (iii) trí mheán na Gaeilge agus an Bhéarla.

Má dhéanann eagras Stáit liosta a chur ar fáil do na seirbhísí a chuirfidh siad ar fáil trí Bhéarla amháin, an mbeidh siad clúdaithe faoi Alt 8.3 den Bhunreacht maidir leis an socrú dlí is gá a dhéanamh le go mbeidh cead a gcinn ag eagrais Stáit seirbhísí áirithe a sholáthar tré Bhéarla amháin?

Inseoidh na laethanta seo an bhfuil sé i gceist ag Aire na Gaeltachta na lochtanna seo a cheartú nó nach bhfuil.

  • Acht na Gaeilge - Acht ar Strae: léirmheas ar Acht na dTeangacha Oifigiúla 2003 le Pádraig Breandán Ó Laighin, foilsithe ag Coiscéim. €5.
  • Is duine de bhunaitheoirí Cearta Teanga na Gaeltachta é Donncha Ó hÉallaithe