Fírinne, cóir agus an dóigh Mheiriceánach

TuarascáilPól Ó MuiríEagarthóir Gaeilge: Tá na sárlaochra le feiceáil gach áit …

TuarascáilPól Ó MuiríEagarthóir Gaeilge:Tá na sárlaochra le feiceáil gach áit ar na saolta seo. Tá Spider-Man agus The Fantastic Four sna pictiúrlanna faoi láthair. Ní fada ó rinneadh scannáin de Daredevil, Hulk, Electra, Batman agus Superman.

Déanann na comhlachtaí scannáin buaileam sciath gach uair a sheolann siad scannán nua. 'Saincheadúnas' a thugann siad orthu. Ní bac ar bith é má theipeann ar scannán amháin; níl le déanamh ach an coincheap a athchumadh.

Is beag is fiú na scannáin Batman a rinne George Clooney. Ba chuma. Cheap lucht an scannáin aisteoir nua agus léirigh leagan nua den táirge. Tháinig na sluaite. Rinne siad amhlaidh le Superman agus d'éirigh leo.

Gné eile den saincheadúnas é an cartún. Craolannn TG4 Justice League, mar shampla, cuideachta sárlaochra ina bhfuil Wonder Woman (a raibh a sraith féin teilifíse aici lá den saol), Green Lantern, Flash, Superman. Tá cuid de na laochra seo ar fhód an chartúin le 60 bliain nó níos mó. Ba iad na chéad charachtair a chuir borradh faoi thionscal na ngreannán, feiniméan cultúrtha Meiriceánach.

READ MORE

Bhí na carachtair chéanna ann 30 inteacht bliain ó shin agus mé ag léamh greannán DC agus Marvel. Tá na carachtair chéanna ann anois agus mo mhac ag léamh na bhfoilseachán. Ní doiligh greannán den sórt sin a thógáil agus iad a léamh le tú féin a chur ar an eolas faoina bhfuil ag tarlú in ainneoin imeacht na mblianta.

Tá Batman/Bruce Wayne céasta go fóill ag dúnmharú a thuismitheoirí agus Spider-Man/Peter Parker ciaptha ag dúnmharú a uncail, Ben. Tá a n-éide mórán mar an gcéanna agus tá siad chomh háiféiseach anois agus a bhí siad riamh; caitheann na fir éadaí nach bhfeicfeá ar thrasfheisteoir féin agus caitheann na banlaochra feisteas nach bhfeicfeá ar striapach.

Mar sin féin, maireann na laochra agus is féidir leo - mar a léirigh TG4 - teanga de chineál ar bith a labhairt. Ach is iad na greannáin an chuid is tarraingtí den tionscal go fóill; is iad na greannáin a mheallann léitheoirí óga i dtreo na scannán.

Tá na greannáin chéanna thar a bheith cliste mar sheift margaíochta. Amharc ar na seilfeanna in Easons agus feicfidh tú rogha de ghreannáin Spider-Man, mar shampla, cuid acu dírithe ar pháistí óga agus cuid ar léitheoirí níos aibí.

Tá oiread chéanna tábhachta leis na pictiúirí agus atá leis an téacs, níos mó i ndáiríre. Is iad na dathanna geala a mheallann an léitheoir; níl sa téacs ach comharthaí bóthair, an cúpla focal a choinníonn an tsúil ar an chosán daite. Is ábhar iontais é amharc ar scata buachaillí cruinn ag carnán greannán, iad ag léamh go cíocrach as a stuaim féin.

(Cinnte, gnó do bhuachaillí iad an cineál seo ábhar léitheoireachta ach is maith spreagadh a thabhairt dóibh léamh.)

Níl fiacha orm a rá nach bhfuil a leithéid le fáil i nGaeilge. Tá obair mhór déanta ag Colmán Ó Raghallaigh úrscéalta graifice a chur ar fáil, An Táin, mar shampla, ach níl greannán míosúil ar bith ann a thabharfadh an pléisiúr céanna do léitheoirí óga Gaeilge.

Caitheann Foras na Gaeilge agus Bord na Leabhar Gaeilge na céadta mílte euro ar fhoilseacháin, irisí agus leabhair Ghaeilge gach bliain. Faigheann siad luach a gcuid airgid go minic ach is mór an díth í nach bhfuil Sárfhear nó Glaslaindéar nó Bean Iontais le fáil i bhfoirm irise gach mí.

Ní gá aithris a dhéanamh ar laochra Mheiriceá. Léiríonn saothair Uí Raghallaigh gur féidir dúchas, samhlaíocht agus cur chuige nua-aimseartha a thabhairt le chéile. B'fhiú greannán Gaeilge den chineál sin a bhunú - tá léitheoirí ann dá leithéid.

'No, you imigh'

Tá an páiste is óige agam dhá bhliain d'aois agus an chaint ag teacht go gasta chuici agus tig léi bheith cantalach mar a bhíonn páistí ag an aois sin. Bíonn focal nua aici chóir a bheith gach lá agus is ábhar mór gáire é bheith ag iarraidh ciall a bhaint as na fuaimeanna a thagann as a béal agus í ag streachailt le foghraíocht a cuid focal nua-aimsithe.

Focail Bhéarla don chuid is mó atá aici ach tuigeann sí Gaeilge. Bhí mé ag cur bia san oigheann lá (sea, níl aon eagla roimh oigheann orm!) agus tháinig sí a fhad liom. "Fan. Tá sé te. Imigh," a dúirt mé léi ar eagla go ndófadh sí í féin. Thug sí amharc fiata orm: "No daddy. You imigh!" Bua de chineál éigin, sílim. Gaeilge with attitude.

Lá gailf

Tá Oireachtas na Gaeilge ag eagrú Lá Gailf seachtain ón lá amárach ar Ghalfchúrsa Eanach Mheáin, Conamara, Co na Gaillimhe. Is ócáid bhliantúil í seo a reáchtálann an tOireachtas mar chuid dá fheachtas bailithe airgid. Tá an comórtas oscailte d'fhoirne de thriúr ar €350 an fhoireann. Clúdaíonn an táille costas an chluiche agus béile.

* Eolas: 01-4753857 nó loretta@antoireachtas.ie

Pósadh Figaro i nGaillimh

Ócáid stairiúil cheolmhar a bheidh i dTaibhdhearc na Gaillimhe nó tá an amharclann leis an chéad léiriú Gaeilge de cheoldráma Mozart, Pósadh Figaro, a chur ar stáitse an mhí seo. Dúirt cathaoirleach bhord na hamharclainne, Róisín Ní Dhuigneáin: "Tar éis mór-éileamh ón bpobal thar na blianta, tá ríméad ar Thaibhdhearc na Gaillimhe a fhógairt go mbeidh leagan Gaeilge den cheoldráma Pósadh Figaro á léiriú go proifisiúnta againn an samhradh seo. Thar na blianta léirigh Taibhdhearc na Gaillimhe go leor ceoldrámaí, ach is é seo an chéad léiriú proifisiúnta atá á chur ar ardán againn." Tá an libretto aistrithe ag an aisteoir Máire Stafford agus tá an ceoldráma á léiriú faoi stiúir Mary MacDonagh agus Steffen Jorgensen. Tá Pósadh Figaro á stáitsiú in ómós do Phádraig Ó hÉanaí, iarbhall boird, a d'éag go tobann i mbliana.

*Eolas: 091-563600 nó eolas@antaibhdhearc.com

cantalach peevish - dúnmharú murder - éide uniform
greannán comic - oigheann oven - trasfheisteoir transvestite