Dumpáil na n-arm

Beocheist: D'insíodh Éamonn Mac an tSaoir, nó Eddie mar ab fhearr aithne air, ceannaire an tsean-Pháirtí Náisiúnaigh, scéal …

Beocheist: D'insíodh Éamonn Mac an tSaoir, nó Eddie mar ab fhearr aithne air, ceannaire an tsean-Pháirtí Náisiúnaigh, scéal faoi chomhrá a bhí aige le ceannasaí de chuid na n-aontachtaithe i nDoire i lár na 1960í, fear darbh ainm dó Glover.

Bhí Eddie ag gearán le Glover ag ócáid shóisialta faoin leatrom a bhí déanta ag an réimeas aontachtúil ar an bpobal Caitliceach i mbeagnach gach gné den saol: vótaíocht; tithíocht; fostaíocht; póilíneacht; oideachas agus eile.

Chuir sotal an fhreagra a thug Glover dó iontas ar Eddie agus ghoilleadh sé air ar feadh na mblianta ina dhiaidh. "Nach bhfuil sé tuillte go maith agaibh mar phobal?" a dúirt Glover. "Dá mbeadh leatrom mar sin á imirt ar mo phobalsa, ní mhairfeadh an rialtas a bhí á dhéanamh deich lá."

I 1969, fuair Glover a fhreagra ach bhí Eddie lena cheannaireacht ar an bpobal náisiúnach a chailliúint nuair a scaoileadh amach leoin óga an SDLP, leithéidí John Hume agus Austin Currie.

READ MORE

Ba í an tuairim a bhíodh ag Sinn Féin gur sórt Uncail Tom a bhí in Eddie McAteer, é sásta a shuíochán a ghlacadh i Stormont agus páirt iomlán a ghlacadh i ngnóithe parlaiminteacha an stáit "mhídhleathaigh" ó thuaidh. Bhíodh an tuairim chéanna ag Sinn Féin den SDLP. Bhaist siad an "Stoop Down Low Party" orthu. Bhuel, d'imigh sin agus tháinig seo, mar a deirtear.

Agus dá mbeadh sé beo, níl aon dabht ann go mbainfeadh Éamonn Mac an tSaoir sásamh áirithe as ráiteas scoir an IRA an tseachain seo caite inar ghlac siad go heisiach le modhanna bunreachtúla. Nach mall a chasann roth muilinn na polaitíochta?

An mór an difríocht atá idir seasamh Mhic an tSaoir ansin agus seasamh Shinn Féin anois? Cinnte tá deis ag Sinn Féin postanna rialtais a fháil i Stormont agus i nDáil Éireann agus tá institiúidí tras-teorann bunaithe, rudaí nach mbíodh ar fáil do Mhac an tSaoir.

Ach bhí roinnt na cumhachta agus institiúidí tras-teorann ar fáil faoi Chomhaontú Sunningdale i 1973. An raibh na blianta fuilteacha ó shin ina chóras oideachais d'fhoghlaimeoirí malla, mar a déarfadh Seamus Mallon?

Má táimid le bheith macánta, d'fhoghlaim ach aon duine a lán. Is beag duine ar an dá thaobh nár athraigh a thuairim a bheag nó a mhór thar an tréimhse chorrach sin. In am amháin, bhíodh an cheist mhór an-simplí. Caithimis an Bhreatain amach as Éirinn agus socróidh muid eadrainn í, an dearcadh a bhíodh coitianta i measc an phobail náisiúnaigh.

Cé anois a chreideann sa réiteach ró-réidh seo? Go bunúsach, fuair an tIRA amach nach bhféadfadh siad greim na Breataine a scaoileadh. Tháinig siad an-ghar dó, mar a léiríonn páipéirí caibinéide an rialtais thall. Bhí Wilson agus Thatcher sásta plean éigeandála a ordú ina mbeadh tarraingt amach nó atarraingt na teorann i gceist. Ach in aineoinn dhícheall an IRA, d'fhan fórsaí na Breataine agus tuigeadh nach dtréigfí an pobal aontachtúil.

Go míleata, bhí na Sealadaigh éirithe tuirseach agus, go polaitiúil, bhí Sinn Féin amuigh sa bhfuacht. Mar sin, nuair a tháinig John Hume, duine nár athraigh riamh a thuairim faoi réiteach na faidhbe, chuig Gerry Adams leis an teachtaireacht nach raibh suim ar leith ag an mBreatain fanacht sa Tuaisceart, ba chineál deus ex machina leis na poblachtaigh é. Dáiríre, bhí Hume ag bualadh ar dhoras a bhí ar leath-oscailt cheana féin.

Anois ta Humespeak ina lingua franca ag beagnach gach polaiteoir sa Tuaisceart. Tá síoladóirí nua na síochána ag teacht amach agus an "single transferrable speech" i mbéal cuid mhór acu. Is leor an méid sin mar mholadh do pháirt Hume a chuir a bheatha, a ghairm agus leoga a pháirtí féin i mbaol chun ráiteas sin an IRA a bhaint amach.

Tá an cinneadh mór déanta anois ag gluaiseacht na poblachta ach níl na deacrachtaí móra ar fad imithe. Chuir Ruairí Ó Brádaigh ó Shinn Féin Poblachtach an cheist is achrannaí faoi mheon nua an IRA: "An gcuirfidh siad anois orthu féin éide na Breataine agus géarleanúint a dhéanamh ar phoblachtaigh dhílse. An mbeidh 'Broy Harriers' nua againn?" a d'fhiafraigh sé.

Má táthar chun loighic na straitéise nua a leanúint, beidh ar Shinn Féin tacaíocht a thabhairt d'fhórsa póilíneachta an stáit a bhfuil siad ag iarraidh a bheith sa rialtas ann. Cinneadh deacair, ach más féidir an tIRA a scor, is féidir aon rud a dhéanamh.

Tá Sinn Féin ar a bhealach chun cumhachta sa Tuaisceart agus sa Deisceart. Is í sin an troid nua agus is í sin an rud is tábhachtaí anois. Agus, a Ruairí, ní ligfidh siad d'aon rud seasamh sa mbealach orthu, iarchomrádaithe san áireamh.

Cá bhfaca tú sin cheana, meas tú?