Dia idir sin...

Tá Maolmhaodhóg Ó Ruairc "ar thóir gramadach nua" ina leabhar den teideal céanna

Tá Maolmhaodhóg Ó Ruairc "ar thóir gramadach nua" ina leabhar den teideal céanna. Ábhar imní é seo dúinne atá fós sa tóir ar sheanghramadach.

Ní port nua é seo ag Ó Ruairc agus is cuimhin liom nuair a foilsíodh leabhar eile dá chuid ar an ngá le simpliú a dhéanamh ar an nGaeilge go ndúirt iar-chomhghleacaí oibre de mo chuid gurbh fhearr do Mhaolmhaodhóg tosnú lena ainm féin.

Ábhairín míthrócaireach, seans, ach n'fheadar an dtuigeann Maolmhaodhóg an crá croí is an gioscán fiacal a bhí ag cuid againn ag iarraidh an ghramadach ghiobalach atá againn a fhoghlaim. Cuimhnigh dá ndéarfaí le foireann na Mumhan go rabhthas ag fail réidh leis an gCorn Heineken díreach roimh chluiche ceannais na hEorpa an mhí seo caite. Ár leithscéal a bhuachaillí, agus tréaslaíonn muid bhur n-iarrachtaí ar fad sna trinsí, ach ní seo atá ag teastáil uainn a thuilleadh. Seo cupa eile - agus ní gá aon chluiche a imirt!

Nó cuimhnigh dá mbeadh ráite le Siosafas leanúint air ag dreapadh an chnoic ach go mbeifí ag baint a chloiche de don chuid eile den aistear. Tar éis an tsaoil, ní mar a chéile a bheadh sé, déarfainn.

READ MORE

Sea, ní "i hallaí beannaithe choimeádaithe na Gaeilge" amháin a spreagfaidh leabhar Mhaolmhaodhóige conspóid, mar a mhaíonn nóta bolscaireachta na bhfoilsitheoirí, Cois Life.

Ní róthógtha atáimid anseo i mbotháin saolta na breacghramadaí ach an oiread le teachtaireacht fhuascailteach Mhaolmhaodhóige.

Leabhar suimiúil, léannta atá ann, ar fiú go mór é a léamh, ach leabhar é chomh maith a scanróidh éinne a thug blianta fada crua ag ceansú na ndíchlaontaí.

Cad chuige ar chuireamar suas le maslaí dheachtóirí na bpeann dearg? Cad chuige an tinneas cinn agus anama ar fad? Ar son iontais na gramadaí nuaí? Ní dóigh liom é.

Dia idir sinn agus an ghramadach nua.

Tá Ar Thóir Gramadach Nua le Maolmhaodhóg Ó Ruairc ar fáil ó Cois Life. Is eagarthóir Foinse é Seán Tadhg Ó Gairbhí.