Deis taighde

D'fhógair an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, maoiniú breise do chúrsaí Gaeilge sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo caite. Chuir…

D'fhógair an tAire Gaeltachta, Éamon Ó Cuív, maoiniú breise do chúrsaí Gaeilge sna Stáit Aontaithe an tseachtain seo caite. Chuir sé €70,000 ar fáil d'Ollscoil Notre Dame le Scoláire Fulbright a cheapadh agus chuir an Roinn €60,000 sa bhreis ar fáil don Fulbright Commission do Chlár na gCúntóirí Teagaisc Teanga Iasachta.

Tá sé mar chuspóir ag an chlár teagasc na dteangacha iasachta a neartú in institiúidí tríú leibhéal sna Stáit Aontaithe. Creideann an Roinn gur bealach maith é seo leis an Ghaeilge a chur os comhair an phobail acadúil sna Stáit Aontaithe agus í a chur ar comhchéim le teangacha eile na hEorpa atá á dteagasc ann. Tá an Fulbright Commission anois ar lorg iarratasóirí don bhliain 2007/2008.

Eolas: 01-6607670 nó www.fulbright.ie