Damhan alla

Crobhingne: Tá bliain úr na Síneach buailte linn

Crobhingne: Tá bliain úr na Síneach buailte linn. Tá seo fógraithe inár measc toisc oiread sin de chlann an dragúin timpeall anois orainn.

Cara chraiceann buí dem chuid atá ina chónaí anseo le fada ghearáin sé liom nár theangmhaigh aon mhaslaí ciníocha lena chluasa go dtí le déanaí, agus d'fhiafraigh díom cad ba cheart dó a dhéanamh.

Chomhairligh mé dó a rá go raibh breis agus billiún díobh siúd ann suas is anuas le dornán den chine mílítheach. Chuirfeadh sin an sciodar trasna orthu. Roimhe seo ní raibh de bhlaiseadh againn ar chultúr na Síneach ach uimhir a dó is fiche le rís friuchta san bhialann ar chasadh na sráide, ach anois is eol dúinn ceann agus foirceann a gcuid blianta.

Bliain an mhoncaí is ea atá acu i mbliana. Is dócha gur comhartha é sin go ndéanfar an Bushman a thoghadh arís i dtír na saoirse. Agus bíodh is go bhfuil ár gcuid moncaithe féin againne, ar éigean go n-oirfeadh an teideal sin dúinn. Is fíor go raibh Bliain na Bó againn tá tamall gairid ó shin ann nuair a bhí na binsí fiosraithe eallach faoi lánfheoil. Agus Bliain na Muice nuair a thosaigh buirgéisigh bheaga ag déanamh gaimbíní móra ar fud na tíre.

READ MORE

Mo thuairim féin gur fearr a d'oirfeadh Bliain an Damháin Alla dúinn faoi láthair. Bhí na comharthaí ann ó anuraidh. Is i bpoll damháin alla a fuarthas Saddam agus féach gur saighdiúir Éireannach a tháinig air.

Cé gur mhó de mhíolta seile a fuair siad i bhfolach ina fholt fada smige seachas mórairm ollscriosmhara, ní bheidh sé in ann líonra bréige a chaitheamh anuas ar an gcomhphobal idirnáisiúnta níos mó.

Agus is fada siar a théann an damhán alla i stair na hÉireann. B'fhéidir nach fiú puth gíogóige anois maidir le hAlbain de eachtra an Bhrúsaigh san uaimh sin in Reachlainn, ach is samhlaoid a bhfaca sé ar an dóchas agus ar an tréaniarracht is gá a dhéanamh le teacht slán. An damhán alla úd a dhreap is a thit, is a dhreap is a thit, is a dhreap is a bhain an solas amach faoi dheireadh thall, is é sin scéala an rialtais dúinn maidir le praghsanna agus le saint de.

Bí ag siopadóireacht timpeall ó bhoth go both go dtí go bhfaigheann tú a bhfuil uait ar an gceint is saoire. Tá caitheamh an pheitril sin agus meilt na mbróg an-luachmhar don eacnamaíocht. Agus coinníonn sé an pobal ó a bheith díomhaoin; mar is é an díomhaointeas máthair an smaoinimh; agus tá mac an smaoinimh thar a bheith contúirteach i stát ar bith. Is léir gur tánaiste seachas níliste í an leas-phríomh-aire.

Bhíodh Tomás Mac Eoin ag ceol faoin damhán alla nuair nach mbíodh sé ag bleán na bó. Na hallaí sin ina mbíodh sé ag bualadh is mó sin duine a gabhadh in eangach iontu. I gcás an rince de, níl sé chomh fada sin ó shin nuair a bhíodh na mná ina dtranglam ar thaobh amháin an tseomra, agus na fir ag cur a gcuid súl amach ar an taobh eile.

An leaid a chíodh síoda ag siosarnach thall b'éigean dó turas cúpla céad míle a chur de trasna an chláir chun labhairt lena mhian. Is ansin a d'fheiceadh sé an mhuir rua ag oscailt agus an bhean ar a teicheadh go cúl an tslua. Dhéanadh damhán balla di féin, agus bairneach aon áite go pras. Sa chás, áfach, is go dtoilíodh dul amach ag steipeáil ba mhóide ná a chéile gur ghairid go dtuigeadh gur damhán halla a bhí fachta aici is í ag damhsa le créatúr iomaghéagach.

Buntáiste an-mhór amháin a bhainfeadh le bliain an damháin alla a bhaisteadh ar an mbliain seo ná go gcuirfeadh sé an puisín ceilteach faoin bhfód ar deireadh. Cluichí caointe ar chrónán an phuisín sin níor mhiste. Cé gur minic iad deas clúmhach mar araichnidí na damháin chéanna níl siad gan dochar.

Itheann an ceann baineann an ceann fireann go minic mar a dhéanadh caitlín ní uallacháin agus róisín dubh lena n-ál. Sníomhann síoda séimh gallda seachas bréidín breá gaelach. Gléasann i gculaith atá go deas feiceálach agus mórán pócaí rúnda ann. Caitheann na bainc agus na forais iasacht airgid spiléad a gcuid geallúna amach agus gabhann an pobal i mbolg a dtraimile isteach. Damháin ghiolla iad na daoine ag freastal ar riachtanais na dtiarnaí, in aimsir ag maoin an lae amárach. Damháin mhacalla iad ár n-aos machnaimh ag aithris ar gach dá seolann an ghaoth isteach. Tá na líonta amuigh ansin réidh ullamh le go dtitfimid isteach iontu. Dum Ting is ainm dúinn.

Is é sin, sa chás is nach mbeadh anseo ach briolla damháin bhrealla.

Alan Titley

Alan Titley

Scríbhneoir agus scoláire é Alan Titley. Alan Titley, a contributor to The Irish Times, is a writer and scholar