Cumar ceoil

Beidh an fhéile cheoil, Cumar, ar siúl idir Déardaoin 15ú agus Dé Domhnaigh 18ú Aibreáin i Seanscoil Sailearna, Conamara, Co …

Beidh an fhéile cheoil, Cumar, ar siúl idir Déardaoin 15ú agus Dé Domhnaigh 18ú Aibreáin i Seanscoil Sailearna, Conamara, Co na Gaillimhe.

Is é cuspóir na hócáide saineolas sna healaíona dúchasacha - ceol, amhránaíocht, damhsa, litríocht béil - a thabhairt do dhaoine óga idir 10 agus 21 bliain d'aois.

Chuige sin, beidh máistir-ranganna ar siúl idir 10 a.m. agus 3 p.m. Beidh deis ansin ag na daltaí éisteacht le ceoltóirí aitheanta idir 8 p.m. agus 10.30 p.m. I measc na múinteoirí a bheidh i láthair, beidh Tommy Keane, Méabh O'Hare, Sorcha Uí Chonghaile agus Seosamh Ó Neachtain.

Coiste deonach a reáchtálann Cumar agus ní íoctar na múinteoirí a nglacann páirt ann. Beidh dhá cheolchoirm mhóra ar siúl le linn an ama agus fáilte roimh an phobal. Eolas: 091-553124