'Cultur dilis'

Deiridís go raibh an mhonarcha sin ina cuid dhílis de chultúr na Gaillimhe ach ba é an chiall a bhí leis sin, gur saoránaigh …

Deiridís go raibh an mhonarcha sin ina cuid dhílis de chultúr na Gaillimhe ach ba é an chiall a bhí leis sin, gur saoránaigh mhaithe iad a chuidigh go flaithiúil le tograí oideachais, spóirt, sláinte, srl, ní hamháin i nGaillimh ach ar fud na tíre.

Ní raibh sé riamh i gceist go rachadh luachanna na muintire nó modhanna traidisiúnta oibre na dúiche i bhfeidhm ar riar na monarchan.

Mhúnlaigh DEC teanga an ionad oibre i ngach ball den eagraíocht. Béarlagair na hoibre atá i gceist agam seachas teanga teaghlaigh.

Cháin roinnt bainisteoirí, nárbh Éireannaigh iad, a réidhe is a ghlac Éireannaigh leis an teanga Digatalese agus chomh mór is a rinne siad aithris ar Mheiriceánaigh.

READ MORE

Ach nach bhfuil claonadh ionainne aithris a dhéanamh ar dhaoine agus ar thíortha a bhíonn maith dúinn?

Ní hé amháin gur éirigh go maith lenár muintir thall ach tá muid ar maos in íomhánna mealltacha Mheiriceá sna meáin uilig, ceol san áireamh.

Tá cúis eile leis an ghrá ar Mheiriceá agus leis an aithris. Tá daoine sa tír a chreideann go dtuilleann pictiúir, amhráin, nósanna beatha srl an t-ainm "Éireannach" mar gheall is nach bhfuil siad Sasanach.

Nuair a bhí mise i mo scorach óg i nDoire, ní raibh cead brat trídhathach na hÉireann a iompar ná a chrochadh in áit ar bith. Shíl muid go raibh brat Mheiriceá beagnach chomh maith leis; sheas sé don tsaoirse agus bhí cáilíocht mhór eile aige - bhí sé neamh-Shasanach. Níl mé á rá nach bhfuil mé mórtasach as chomh maith is a dhéanann U2 aithris ar cheol Mheiriceá ach chinn riamh orm aon lorg den Éireannachas a aireachtáil ina gcuid ceoil.

B'fhéidir gur cheart dom ceol domhanda a thabhairt ar an earra ar chuir mé aithne ar dtús air mar cheol Meiriceánach.

Tógann sé sin ceisteanna faoi chultúr sa ghnáthchiall, ceol, litríocht, scannáin agus uilig.

Cuir ceist ar mhuintir eile na hEorpa cad a chiallaíonn domhandú chomh fada is a bhaineann sé le cultúr agus déarfaidh a bhformhór go gciallaíonn sé Meiriceánú. Tá cultúr anois ina earra tráchtála agus ní mór don fhoilsitheoir, don táirgeoir dioscanna ceoil agus do lucht déanta scannán dul i gcomórtas in aonach nach bhfuil cothrom ná béasach.

Tá sé ina chath idir foghlaithe agus éin creiche, idir ceannas aonteangach domhanda agus éagsúlacht ilchineálach.