Cré úr na cille anois ar Chathal

Beocheist: Ba chuí Domhnach Cearna mar láthair sochraide Chathail Uí Eochaidh seachas lár na cathrach

Beocheist: Ba chuí Domhnach Cearna mar láthair sochraide Chathail Uí Eochaidh seachas lár na cathrach. Ba í a rogha féin í. Luíonn sé le cuntas Vincent Browne ina iris The Village faoi mheon an iar-Thaoisigh sna míonna deiridh.

De réir Browne, níor mhór leis agus níor thábhachtach leis aon rud a bhí bainte amach aige ina shaol polaitiúil. Níor thábhachtach leis ach an chlann fhiúntach a bhí tógtha aige.

Dé hAoine is é an buachaill beag éirimiúil as Domhnach Cearna a d'fhill ar a fhód dúchais agus ar a mhuintir féin. Ba scáthán é an cur is cúiteamh cuimsitheach sa bpreas le seachtain ar shaol Uí Eochaidh é féin. Bhí an dá léamh air. Ina dhiabhal nó ina dhia a bhí sé, de réir daoine éagsúla.

Instear scéal faoin duine cóir sin a bhíodh ina eagarthóir polaitiúil ar an nuachtán seo, Dick Walsh. Is cosúil gur fhiafraigh Cathal Ó hEochaidh de, uair amháin, cén fáth nach dtugadh Walsh "A Thaoisigh" air. "An é," a d'fhiafraigh Charlie, "nach bhfuil meas agat ar an bpost".

READ MORE

"Ní hé," a dúirt Walsh, "ach de bharr go bhfuil an iomarca measa agam air."

Ní duine é Walsh a scaoileadh maslaí mar sin go réidh le duine. Ach mheas sé go raibh gach caighdeán íseal sáraithe ag Charlie ina shaol polaitiúil.

Tá cré úr na cille ina luí anois ar Charlie agus luíonn sí freisin ar na ceisteanna móra nár fhreagair an t-iar-Thaoiseach lena bheo. Tost go bás. Omerta.

Bhí mianach na rúndachta agus na rúndiamharachta ann i gcónaí. Bhíodh an dá Chathal ann, an duine poiblí a chroitheadh lámha agus a léiríodh an croí mór agus grá don gcosmhuintir agus an duine eile a mhothaíodh níos compordaí taobh thiar de bhalla tosta nó ar oileán.

Chuireadh sé olc ar a lán iriseoirí nach bhféadadh siad briseadh isteach i ndún na rúndachta a thóg Ó hEochaidh thart timpeall air féin. Chaith go leor iriseoirí blianta ag iarraidh a fháil amach cá bhfuair sé a chuid airgid. Ghoilleadh sotal an ghasúir as Domhnach Cearna ar éirigh leis sodar ar stíl chomh paiteanta sin i ndiaidh na n-uasal ar go leor sna meáin. Ní éad ar fad a ba bhun leis.

Bhí scéal mór ann, scéal ollmhór, scúp a sháródh aon scúp Éireannach le leathchéad bliain anuas. Ach theip ar na meáin chumarsáide é a aimsiú. Is de thaisme aisteach an-phoiblí ar an taobh eile den domhan, tromluí drugúil Ben Dunne, a scaoileadh an chéad chloch sa dún.

Ina dhiaidh sin, thosaigh na ballaí ag titim, ceann i ndiaidh a chéile, go dtí gur nochtadh nach fathach airgeadais a chónaigh anseo ach gasúr beag eaglach as Domhnach Cearna a gheall dó féin nach mblaisfeadh sé den mbochtanas nó den mheasarthacht arís ar ais nó ar éigean.

Mheas gach duine go raibh an rúndiamhracht ag ceilt scileanna diabhalta airgeadais, gliceas damánta gnóithe a rinne saibhreas don gcuntasóir óg ar bhealach cam éigin. Nár bhocht an míniú a fuarthas.

Ní raibh aon "deals" iontacha ná aon ghliceas osnádúrtha gnóithe ann. Ní raibh ann ach fear déirce ... ach amháin go gcaitheadh an fear déirce seo léinnte Charvais agus go n-óladh sé na fíonta Francacha is daoire.

Duine cumasach, fíor-éirimiúil, ábalta agus géarchúiseach a bhí ann a rinne go leor, mar aire, ar son mhuintir na tíre seo ach a raibh laigí móra ann - saint, éirí in airde, uaillmhian agus fuadar chun an deoir mhilis dheiridh a bhaint as an saol.

Laigí daonna ach i gceannaire agus i gcomharba ar na hidéalaithe a bhunaigh a pháirtí, laigí suntasacha.

An ndearna sé aon rud ar son na mbronntanas? Níl aon fhianaise ann go ndearna, go fóill ar a laghad ar bith.

Ach cár fhág sé a fhéinmheas féin agus a mheas ar an bpost a bhí aige? Cad iad na luachannna pearsanta a d'fhág faoi chomaoin é ag lucht rachmais? An achainí sin ar an bpobal gearradh siar ar chaiteachas agus é féin ag cur go laethúil lena chaiteachas féin? Agus, ar ndóigh, barr na soiniciúlachta ar fad, a sheasamh ar cheist an cholscartha i gcomhthéacs a iompair phríobháidigh féin.

Deir Vincent Browne gur thosaigh sé ar dhírbheathaisnéis ach gur tháinig lagmhisneach air. Is mór an trua gur tháinig. Tá an oiread sin ceisteanna le freagairt fós agus is aigesean amháin a bhí na freagraí.

Luíonn siad leis faoi fhód na cille agus is dócha go luífidh go brách. Rúndhiamharacht go deireadh. An gcloiseann éinne eile macalla íseal den bhfocal "Rosebud"?