Conradh Nollag

Is é Nollaig Ó Gadhra uachtarán nua Chonradh na Gaeilge

Is é Nollaig Ó Gadhra uachtarán nua Chonradh na Gaeilge. Toghadh ag ardfheis an Chonartha é in Inis, Co an Chláir, ag an deireadh seachtaine. É féin agus Helen Ó Murchú a bhí san iomaíocht don phost.

Is é Ó Gadhra 30ú uachtarán an Chonartha é agus an tríú huachtarán le trí bliana anuas. Sheas Seán Mac Siúrdáin siar i ndiaidh bliana de bharr cúraimí oibre agus cúrsaí sláinte.

Tá aithne ag daoine ar Ó Gadhra mar údar agus meas ag mórán daoine air as fad saoil a chaitheamh le himeachtaí teanga agus Gaeltachta.

Aithneoidh an pobal an meas atá léirithe ag baill an eagrais do bhall sinsearach dá gcuid féin as Ó Gadhra a thogadh. Ach an mbeidh toradh fiúntach ar an ghníomh sin? Tá tuairimí láidre ag Ó Gadhra ar chúrsaí teanga agus polaitíochta, tuairimí nach miste bheith ag údar nó ag gníomhaí teanga.

READ MORE

Ach ní mar ghníomhaí teanga ach mar cheannaire an eagrais Ghaeilge is sine sa tír a bheidh aird ag daoine air feasta agus, dá réir sin, ar gach rud a deir sé nó a scríobhann sé sa ról sin.

Dá éirimiúla é Ó Gadhra, an mbeidh sé glic go leor le ceannasaíocht mhaith a thabhairt don Chonradh - an méid de a mhaireann beo?

Nó, más i muinín sheantuigsí caite an eagrais a théann sé, an gcuirfidh sé cos i bpoll sa dea-obair atá déanta le tamall, mar shampla, an feachtas chun stádas oifigiúil a bhaint amach don Ghaeilge san Aontas Eorpach?

Is dúshlán é ceannasaíocht eagrais ag duine ar bith, dúshlán níos mó é ag duine atá os cionn trí scór bliain d'aois agus a bheidh ag obair go deonach. Conradh na Gaeilge nó Cónra na Gaeilge? Tá an díospóireacht ar siúl uair amháin eile.