Coiste úr Eaglaise

BHÍ CRUINNIÚ cinnbhliana ag Cumann Gaelach na hEaglaise roimh an Nollaig

BHÍ CRUINNIÚ cinnbhliana ag Cumann Gaelach na hEaglaise roimh an Nollaig. Bunaíodh an cumann sa bhliain 1914 le húsáid na Gaeilge a leathnú in Eaglais na hÉireann.

Dúirt rúnaí an chumainn, Aonghus Dwane, go raibh "an-chuid déanta le roinnt blianta anuas" leis an Ghaeilge a chur chun tosaigh in Eaglais na hÉireann. Ba é cuspóir an choiste nua na himeachtaí fánacha Gaelacha a bhí ar siúl faoi láthair a tharraingt le chéile agus bunús níos láidre a chur leis an chlár oibre, a dúirt Dwane.

D'íoc 80 duine síntiús leis an chumann agus bheadh an coiste ag iarraidh baill nua a mhealladh. Dúirt Dwane go raibh "daoine nua le Gaeilge ag teacht chun cinn i gcónaí" agus b'ábhar dóchais é sin.

Bhí ionadaí amháin ó Thuaisceart Éireann, an tUrramach Eric Culbertson, ar an choiste nua agus bhí súil acu leanstan ar aghaidh le hobair trasteorann.

READ MORE

Go dtí seo, chum baill den Eaglais ábhar nua ceoil i nGaeilge; reachtáil siad scoil samhraidh; foilsíodh leabhar nua urnaí; bhí Dwane féin ag scríobh colún Gaeilge go rialta sa Church of Ireland Gazette agus bhí seirbhísí lán-Ghaeilge ar siúl gach aon choicís.

Tá eolas faoi imeachtaí Gaeilge Eaglais na hÉireann le fáil ag www.dublin.anglican.org/resources/seirbhis_as_gaeilge.php