Cobra ar cholbha na leapa

Beocheist: Bhí Ryszard Kapuscinski ina luí ar leaba agus é leathmharbh

Beocheist:Bhí Ryszard Kapuscinski ina luí ar leaba agus é leathmharbh. Bhí scoilteach chinn air de dheasca na gréine Afracaí. Dhearg sé toitín chun an mhíogarnach chodlata a dhíbirt.

Ach níor thug an toitín aon fhaoiseamh dó. Shin sé a lámh amach i dtreo an urláir chun an toitín a chur as. Chonaic sé, áfach, go raibh sé ar tí an rud a mhúchadh ar cheann nathrach a bhí ina luí go suanmhar faoin leaba.

Stad an croí ann. Níor bhog sé cos ná méar. Seachas a lámh a tharraingt aniar go tapa d'fhág sé ar crochadh í os cionn na nathrach, an toitín ag dó leis. Thuig sé go n-ionsófaí é dá dtabharfadh sé oiread is bogadh uaidh.

Cobra Éigipteach a bhí ann. Is go sciobtha a fhaightear bás de dheasca nimh na reiptíle seo. Bhí turas lae idir Kapuscinski is an t-ospidéal ba chóngaraí agus ní raibh aon earraí leighis aige. Ní bheadh seachaint ar an mbás dá sáfadh an phéist a clárfhiacla nimhiúla ann.

READ MORE

Chuir Kapuscinski in iúl i gcogar dá chompánach taistil, Leo, go raibh aoi gan choinne sa bhothán leo. Dá ndúiseofaí an nathair thabharfadh sí fúthu is ní raibh arm d'aon shaghas acu. Socraíodh mar sin go bhfaigheadh Leo ceanastar miotail ón ngluaisteán is go ndéanfaidís iarracht an reiptíl a bhascadh.

Fuarthas ceanastar mór ar a raibh faobhair ghéara. Dhruid Leo go gcúramach i dtreo na nathrach a bhí fós faoi shuan. D'ardaigh sé an ceanastar thar an bpéist is d'fhan sé.

Bhí Kapuscinski fós ar an leaba agus é ar cipíní. De phreab chaith Leo an soitheach agus é féin anuas ar an gcobra. Ag an am céanna chuir Kapuscinski lán a mheáchain anuas ar Leo.

Nuair a thit an dís acu ar an nathair phléasc an bothán. Shíl siad go ngearrfadh an ceanastar tríd an reiptíl, á marú.

Ach ní mar sin a tharla. Thosaigh an cobra ag bualadh is ag tuargaint an urláir chomh fiúranta sin gur éirigh deannach a dhorchaigh an bothán.

Agus eireaball an chobra chomh cumhachtach sin bhí an t-urlár cré á mhionú agus blúiríní cré á gcaitheamh i súile na beirte ionsaitheoirí.

Bhí Leo ag cneadach. Bhí a ucht brúite in aghaidh an cheanastair agus is ar éigean a bhí tarraingt a anála ann.

Ach tar éis tamaill fhada maolaíodh ar fhíochmhaire is ar theinne na dtuairteanna a bhí á gcur as ag an nathair. Chonaic Kapuscinski silíní fola is thuig sé go dtiocfadh sé slán as.

Ní hé sin an t-aon uair amháin a bhí Ryszard Kapuscinski i bpriacal a anama agus é ag obair mar chomhfhreagraí sa Tríú Domhan do Eagraíocht an Phreasa Pholannaigh.

Bhí maláire ar na galair a thóg sé le linn an dá scór bliain a thug sé ag obair ar mhór-roinn na hAfraice ach ba mhinice a shaol á chur i mbaol ag daoine daonna. Níorbh annamh urchair á scaoileadh ina threo ag ceannaircigh, sceimhlitheoirí is saighdiúirí de chuid arm náisiúnta.

Ach d'éirigh le Kapuscinski a anam a thabhairt slán leis as na heachtraí sin go léir a bhain dó le linn a shaoil mar iriseoir.

Agus ba iriseoir é a raibh an t-ádh ag siúl leis. Bhí sé i láthair ag 27 réabhlóid is reibiliún agus chuaigh aige éalú uathusan a ghearr an bhreith bháis air ceithre huaire.

Seachas na tuairiscí a chuir Kapuscinski ar ais go dtí an Pholainn ó 1962 ar aghaidh, scríobh sé breis is deich leabhar a chuir síos ar an Tríú Domhan, a stair, a chultúr, a pholaitíocht agus, thar aon rud eile, saol na ngnáthdaoine a mhaireann ann.

Aistríodh saothair Kapuscinski go breis is 20 teanga agus bronnadh duaiseanna orthu i dtíortha ó cheann ceann na cruinne. Bhí caighdeán na scríbhneoireachta chomh maith sin go raibh súil ag roinnt daoine gurbh é Kapuscinski an chéad Pholannach a bhuafadh duais litríochta Nobel sa 21ú haois.

Ba é The Emperor (1978) an chéad leabhar dá chuid ar tháinig leagan Béarla de amach. Cuntas ar na 44 bliain a chaith Haile Selassie i réim san Aetóip a bhí ann.

Ba fáthscéal ar an lánchumhacht polaitiúil é an saothar seo is léigh comhthírigh an údair é mar cháineadh ar an rialtas cumannach a raibh an Pholainn faoina chuing aige ag an am.

Ní ionadh, mar sin, go raibh ghrianghraf an fhir féin ar chéad leathanach formhór mór na bpáipéar sa Pholainn. Fuair Kapuscinski bás in ospidéal i Vársá an lá seo coicís ó shin. Bhí 74 bliain slánaithe aige.

Is go ceann tamaill mhaith eile a léifear a chuid scríbhneoireachta, áfach.