Clár na scór mar dhia beag i saol na polaitíochta

TABHAIR CLUAS le héisteacht do chlár cúrsaí reatha ar an dteilifís nó ar an raidió ar na saolta seo agus cloisfidh tú polaiteoir…

TABHAIR CLUAS le héisteacht do chlár cúrsaí reatha ar an dteilifís nó ar an raidió ar na saolta seo agus cloisfidh tú polaiteoir ag cur i leith polaiteora eile go bhfuil sé ag baint sochair as drochscéal d’fhonn pointí polaitiúla a chur ar chlár na scór.

Ar ndóigh, tá an té atá ag déanamh na líomháintí i mbun an chleachtais chéanna atá á cháineadh aige. Tá sé féin ag súil le pointe polaitiúil a chur ar chlár na scór trí scóráil pointí polaitiúla a chur i leith a namhad.

Bhí sampla maith den asarlaíocht pholaitiúil seo sa mhéid a bhí le rá ag an Aire Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta Éamon Ó Cuív faoi Thuarascáil Ryan le déanaí.

“The sight of Opposition leaders trying to score party political points on the back of the unfortunate abuse victims is nothing short of sickening,” a dúirt Ó Cuív.

READ MORE

Ansin chuir sé aguisín beag lena argóint: “This is especially the case when it comes from a party like Fine Gael which turned its back on the victims when it was in Government.”

Ní íoróin go dtí an bhabhtáil pholaitiúil.

Tóg sampla randamach eile – preasráiteas a d’eisigh an Teachta Dála Olwyn Enright ó Fhine Gael le déanaí. “FF Govt more interested in PR strategy than economic recovery” an ceannlíne a bhí ar an ráiteas áirithe seo.

Ach más léiriú ar straitéis PR an Rialtais a bhí ann, ba léiriú chomh mór céanna é ar straitéis PR Fhine Gael.

Ní raibh aon mholadh ar leith ann faoi mhalairt polasaí, nó ní raibh aon cháineadh ar leith ann ar pholasaí ar leith. De ghnáth, gabhann éileamh sollúnta nó dhó leis na líomháintí seo maidir le scóráil pointí polaitiúla.

Éilítear go dtarraingeofaí anuas ar fad clár na scór ‘ar leas na tíre’ nó éilítear go mbeadh sos comhraic againn nó go mbeidh an tír ar ais ar a seanléim arís, tráth, is dócha, a mbeifear ábalta filleadh ar an ngnáthshiamsaíocht.

Thar aon am eile, ní am é seo don sárú polaitiúil, a deirtear linn. Tá cúrsaí ró-olc, a deirtear, le go mbeimis ag cur ama agus fuinnimh amú ag iarraidh bheith ag scóráil pointí polaitiúla nó ‘playing party politics’.

Cad ina thaobh, mar sin, go bhfuil na meáin ag fáil níos mó preasráiteas ná riamh – cuid acu ón Rialtas ach a bhformhór ón bhfreasúra – nach bhfuil iontu ach iarracht ar phointí polaitiúla a scóráil?

Agus géarghá le dioscúrsa poiblí saor ó reitric bhladhmannach na claonbholscaireachta, féach go bhfuil ár gcuid polaiteoirí ag cloí níos mó ná riamh le bunphrionsabal na claonbholscaireachta polaitiúla: ‘caith gach lá amhail is go mbeidh toghchán arís amárach ann.’

‘Think in headlines’ an leagan a bhí ag réimeas Tony Blair den phrionsabal seo agus tá, gan amhras, ról ag na meáin i gcothú an chultúir seo.

Tabhair cluas le héisteacht arís do chlár cúrsaí reatha nó caith súil ar na nuachtáin agus tabharfar faoi deara go bhfuil an anailís pholaitiúil chomh ciontach céanna leis na polaiteoirí as gach lá a chaitheamh amhail is go mbeidh toghchán arís an lá amárach ann.

An raibh lá maith ag Enda Kenny?

An drochlá a bhí arís ag Brian Cowen?

Cén saghas seachtaine a bhí ann don Rialtas, don bhfreasúra?

Dá mbeadh toghchán amárach ann..?

Sin agat na saghas ceisteanna a chloistear ar na meáin gach lá, na saghas ceisteanna a chinntíonn go leanfar den chluiche agus na saghas ceisteanna a cheadaigh don bhfreasúra lá Dála a chur amú i mbun dhrámaíocht amaitéireach a vóta mímhuiníne as an Rialtas.

Agus sin agat an saghas cultúir a cheadaigh don Rialtas scéal Lispóin a láimhseáil ar bhealach a dhein talamh slán de go bhfillfeadh Brian Cowen ar an mbaile ón mBruiséil agus gach éinne ag rá gur lá maith a bhí ann dó, an lá is fearr fós.

Is cuid den saol é an chlaonbholscaireacht pholaitiúil, ach is í fírinne an scéil gur cuma faoi láthair cén saghas lae a bhí inniu ag Brian Cowen nó Enda Kenny nó Eamon Gilmore.

Agus in ainneoin ná ráiteas sollúnta faoi scóráil pointí polaitiúla tá clár na scór fós mar dhia beag againn i saol na polaitíochta.