Cláir oideachais

“DROCH-CHINNEADH” agus “scannalach” atá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag tabhairt ar shocrú an Rialtais chun deireadh…

“DROCH-CHINNEADH” agus “scannalach” atá Conradh na Gaeilge agus Guth na Gaeltachta ag tabhairt ar shocrú an Rialtais chun deireadh a chur le deontais d’ábhair oidí le freastal ar chúrsaí Gaeilge sa Ghaeltacht.

TÁ TRÍ thionscnamh nua oideachais anois ar fáil do lucht na Gaeilge. Seolfaidh an tÁisionad ar Choláiste Mhuire, Béal Feirste, i gcomhar leis an Chomhairle um Oideachas Gaeltachta agus Gaelscolaíochta (COGG) Clár Luathléitheoireachta amárach i mBéal Feirste.

Tá 60 leabhar i gceist, sraith a thabharfaidh deis do léitheoirí óga ar scoileanna Gaeilge cur lena scileanna léitheoireachta.

Dúirt stiúrthóir an togra, Jacaí de Brún, leis an cholún seo gur ó scoileanna a tháinig an iarraidh agus go raibh múinteoirí lárnach in ullmhú an chláir. Ba é sprioc an chláir taithí léitheoireachta “a leathnú” agus straitéisí do thús na léitheoireachta agus taithí i seánraí éagsúla eile léitheoireachta a chur ar fáil.

READ MORE

Bhí na leabhair dírithe ar léitheoirí i mBanda 1, is é sin, léitheoirí a bhí go díreach ag tosú a fhoghlaim léitheoireachta. Bhí téacs gach leabhair ullmhaithe ag lucht an áisionaid agus pictiúir, spriocfhocail agus athrá iontu. Bhí rogha leabhar, idir fhicsean agus neamhfhicsean, ar fáil.

Ó tharla go raibh 60 leabhar ann, bhí deis ag páistí léamh go rialta agus cúpla leabhar a léamh gach lá ar a luas féin agus taithí léitheoireachta a fháil. Le cois na leabhar féin, tá ábhar tacaíochta le fáil – comhad gníomhaíochta agus DVD le ceachtanna. (Eolas: eolas@aisionad.org).

Ábhar foghlama de chineál digiteach a sheol Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge ar ollscoil na Gaillimhe agus COGG an Chéadaoin seo caite – iTunes U-COGG. Cnuasach físe agus fuaime atá ann a roghnaíodh as Cartlann RTÉ Raidió na Gaeltachta agus as cartlann ollscoil na Gaillimhe.

Tá 300 mír foghlama ar fáil le híoslódáil – scéalta, dánta, amhráin, míreanna staire – i gcanúintí éagsúla agus iad dírithe ar dhaltaí i rang 5 agus 6 sna bunscoileanna le cuidiú leo an teanga a shealbhú agus a shaibhriú. (Eolas: www.acadamh.ie)

Agus seoladh siollabas nua Gaeilge don tríú bliain ollscoile i mBaile Átha Cliath oíche Luain.

Tá an siollabas bunaithe ar Fhráma Tagartha Chomhairle na hEorpa agus é mar sprioc ag an siollabas scileanna foghlama agus cumarsáide a fhorbairt.

Tá ábhar ar fáil i bhfoirm topaicí ar fhéinfheasacht, fheasacht teanga agus fheasacht chultúrtha.

Forbraíonn na mic léinn a gcuid scileanna foghlama agus teanga trí thabhairt faoi thascanna atá bunaithe ar théacsanna Gaeilge. (Eolas: www.teagascnagaeilge.ie)