Cineál sin duine

IS IOMAÍ sin duine a chastar orainn le linn an tsaoil

IS IOMAÍ sin duine a chastar orainn le linn an tsaoil. Ar bhuail tú riamh le fonnachtaí – duine suarach mímhúinte – nó le forlámhaí, duine tíoránta.

Seans go raibh tú ar bus nó ar traein agus screadachán, páiste a bheadh ag scréachach, in ard a ghutha agus tú ag léamh an Irish Times nó an bhfuil aithne agat ar spleantar, duine cantalach coilgneach?

Sheachnófá gan amhras éifid – duine buile – ach bhainfeadh pléisiúr as bheith ag éisteacht le héigeas, fear léannta. Agus an amhlaidh go bhfuil an bócaerí – fear ar mhaith leis éadach deas bheith aige – ag éirí níos coitianta i measc lucht na Gaeilge de bharr bhunú TG4?

Tá na daoine sin uilig agus tuilleadh le fail in Cén Sórt É? Meascra Ainmneacha ar Chineálacha Daoine (An Gúm, €9.50) le Tomás Ó Fiacháin. Leabhar téagartha 160 leathanach atá ann agus cuirfidh sé iontas ar léitheoir an oiread sin cineálacha daoine atá le fáil. Is beag rud níos iontaí ná an duine féin, is léir.