Ciall Kenny no ciall cheannaithe?

Domhnach eile; pobalbhreith eile agus na focail "Kenny, Gaeilge, eigeantach" ceangailte le cheile in aon line leadranach amhain…

Domhnach eile; pobalbhreith eile agus na focail "Kenny, Gaeilge, eigeantach" ceangailte le cheile in aon line leadranach amhain.

An iarraidh seo, pobalbhreith ar nuachtan a thugann le fios go bhfuil 49 faoin gcead den phobal pobalbhreithe ar son deireadh a chur le Gaeilge 'eigeantach' agus ta 61 faoin gcead de votoiri Fhine Gael ar fad ar a shon sin - a ha, Fine Gall, by dad!

Ta ag eiri le feachtas Kenny de reir na bhfigiuiri. Ta an la leis, is e is siosmaidi agus is ciallmhaire de cheannairi polaitiula. Narbh fhada go raibh se ina Thaoiseach.

Faraor, ta peaca marfach amhain deanta ag Kenny - ta se i ndiaidh diospoireacht a thosu ar cheist na Gaeilge ach ta se i ndiaidh i a thosu ar na tearmai ceannann ceanna agus a thosaigh gach aon diospoireacht o bhi na 1960i ann. "Ar na muinteoiri ata an locht," an ghair chatha ata ag Kenny - go direach a deir diograiseoiri teanga; nil siad ag muineadh mar is ceart. ("Nil ionam ach muinteoir," a deir muinteoiri ach nil duine ar bith ag eisteacht leo.)

READ MORE

Ar an abhar sin amhain, tuilleann Kenny votai a chailleadh. Cinnte, is leir, is rileir, is leir don dall agus don bhodhar agus don bhalbh, go bhfuil ga, go mbionn ga, gur den riachtanas, gur den cheill cheannaithe (agus den cheill Kenny), gur den dea-chleachtas muinteoireachta, gur den mhuineadh agus gur den pholaitiocht e athbhreithniu agus tuilleadh a dheanamh ar abhair scoile - go hairithe agus tu ag iarraidh votai a mhealladh.

Ach cen chiall a bhaineann le deireadh a chur le habhar? Shilfea gurb e an rud radacach rogha a thabhairt do dhaoine.

Da mba rud e, abair, gur thug Kenny le fios go raibh run aige deireadh a chur leis an Ghaeilge mar abhar don ardteistimeireacht ach sruthanna lan-Ghaeilge a bhunu taobh istigh de gach aon scoil naisiunta agus gach aon mheanscoil Bhearla, bheadh eisteacht tuillte aige.

Da ndearfadh se gur mhaith leis rogha a thabhairt do thuismitheoiri agus dhaltai - cursa iomlan tri Ghaeilge doibh sin a bhi a iarraidh agus cursa eadrom tri Bhearla doibh sin nach raibh, thuillfeadh se eisteacht.

Da ndearfadh se go raibh se ar son Gaeilge labhartha on chliabhan go dti an cursa ollscoile, thuillfeadh se eisteacht as tabhairt faoi chur chun cinn na Gaeilge ar bhealai nua samhlaiocha.

Ach cad e a duirt se ach an rud ceannann ceanna agus ata a ra o aimsir an Language Freedom Movement?

Agus nach aisteach leis go bhfuil Kenny ag tarraingt siar o chlar stairiuil culturtha a phairti fein - bunaitheoiri Gaelacha Gumacha an tSaorstait - agus e, ag an am ceanna, ag iarraidh oidhreacht pholaitiuil 1916 a athghabhail?

Nil ciall na ciall leis.