Cathair faoi leigear Eorpach

Beocheist/Alan Desmond: Bliain is an t-am seo bhí ceiliúrthaí ar siúl seachnóin na hEorpa toisc deich dtír nua bheith ligthe…

Beocheist/Alan Desmond: Bliain is an t-am seo bhí ceiliúrthaí ar siúl seachnóin na hEorpa toisc deich dtír nua bheith ligthe isteach san Aontas Eorpach (AE) sa bhabhta ba dhéanaí den phróiseas méadaithe.

Tíortha a fágadh faoi chuing an Aontais Shóivéadaigh i ndiaidh an dara cogadh domhanda, bhí siad anois go hiomlán neamhspleách ar údaráis chumannacha agus ag glacadh le ballraíocht den AE dá ndeoin féin.

"Stairiúil" an aidiacht ba mhó a luadh ar na meáin chumarsáide ar 1ú Bealtaine seo caite. Agus teorainneacha an Aontais á mbrú soir, áfach, bhí géarú á dhéanamh ar aonrú cearna áirithe den Eoraip ag an am céanna.

Is oblast - nó réigiún - de chuid na Rúise cois na Mara Baltaí é Kaliningrad atá leath chomh mór leis an mBeilg. Dá Rúisí iad muintir Kaliningrad áfach, is amhlaidh go bhfuil an áit corradh is 500 ciliméadar ó mhórthír na Rúise. Anuas air sin, is iad an Pholainn agus an Liotuáin atá mar chomharsana bhéal dorais ag Kaliningrad, rud a fhágann go bhfuil an réigiún Rúiseach seo crioslaithe ag an AE.

READ MORE

Ciallaíonn sé seo go mbíonn ar shaoránaigh Kaliningrad cur isteach roimh ré ar dhoiciméid taistil speisialta má bhíonn fonn orthu triall de thalamh ar áit éigin eile ina dtír dhúchais. D'fhéadtaí bualadh thar teorainneacha na Polainne agus na Liotuáine gan a leithéid de dhua agus víosa ach cuireadh deireadh leis an tsaoirse sin i 2003 agus comharsana Kaliningrad á ngléasadh i gcomhair an AE.

Ba leis na Gearmánaigh Kaliningrad roimh an dara cogadh domhanda agus Konigsberg ab ainm dó sular ghabh na Rúisigh seilbh air. Ba in Konigsberg a saolaíodh is a cuireadh oideachas ar an bhfealsamh Immanuel Kant.

Tar éis an chogaidh rinneadh Gearmánaigh a mharú nó a ruaigeadh. Tugadh isteach daoine ó cheann ceann an Aontais Shóivéadaigh ina n-ionad. Baisteadh Sovetsk ar an mbaile Tilsit is Svetlogorsk ar Rauschen, mar shampla.

Ba é Kaliningrad a tugadh ar Konigsberg agus an t-ainm seo ag tagairt don oblast ar fad chomh maith leis an bpríomhchathair. Ba é Mikhail Kalinin a bhí mar uachtarán ag na Rúisigh ag an am agus tá roinnt mhaith bustaí de fós le feiceáil timpeall na cathrach Baltaí seo.

Roimh thitim an Aontais Shóivéadaigh ba í an talmhaíocht an tionscal ba mhó sa réigiún ach níorbh fhada gur laghdaíodh go mór ar mhargadh na bhfeirmeoirí sna 1990í luatha agus cuireadh breis is 70 faoin gcéad de na ba bainne chun báis.

Sna blianta a lean an cogadh ba chrios míleata speisialta í an áit agus suas le 250,000 trúpa ann, rud a chuaigh chun sochair an gheilleagair. Cé go bhfuil Cabhlach Baltach na Rúise fós lonnaithe in Kaliningrad níl ach tuairim is 20,000 foireann mhíleata ann anois agus radharcanna raidhsiúla le fáil ar threalamh míleata meirgeach.

Má labhraítear le duine ó na tíortha Baltacha faoi Kaliningrad is rud diúltach a rithfidh leo, má bhíonn aon chur amach in aon chor acu ar a gcomharsa Rúiseach. Luafar andúiligh hearóine, smuigléirí toitíní is a fhorleitheadaí atá an galar SEIF. Déanfar trácht ar an 5,000 striapach atá in ainm is bheith ag siúl sráideanna na príomhchathrach.

Is é a dhéanann an riachtanas ar mhilliún áitreabhach Kaliningrad le víosaí mar sin ná deacracht eile a chur roimh dhaoine a bhfuil a gcuid féin den anachain acu cheana.

Agus Kaliningrad scoite chomh glan sin ón mórthír Rúiseach ní ionadh go mbraitheann na Rúisigh Bhaltacha nach dtugann Moscó mórán airde orthu. Ba dheacair gan teacht leis an tuairim sin i bhfianaise na n-ilfhadhbanna atá mar sciúirse ar an áit.

Ní ionadh ach oiread má mhéadófar ar mhíshásamh mhuintir Kaliningrad agus ceann á thógáil acu dá gcomharsana bhéal dorais. Agus feabhas ag teacht ar chaighdeán maireachtála na Polainne agus na Liotuáine feicfear dóibhsean in Kaliningrad gur níos riabhaí ná riamh atá an scéal acu.

Cloiseann tú polaiteoirí náisiúnaíocha i Moscó á rá ó am go ham go bhfuil an Ghearmáin ag beartú athghabháil a dhéanamh ar Kaliningrad. Ba jab críochnúil a rinne an Rúis agus na Gearmánaigh á ndíbirt acu áfach agus is amhlaidh nach bhfuil a leithéid de chealg á chothú ag an nGearmáin.

Is trua do mhuintir Kaliningrad go bhfuil dul amú ar na polaiteoirí Rúiseacha. Is cinnte go bhfuil cearn amháin den réigiún Baltach nach mór an chúis ceiliúrtha atá aige ar 1ú Bealtaine 2005.