Bua an Chonartha

FAOI EARRACH na bliana 1910, bhí Mac Néill agus de Híde sásta géilleadh beag a dhéanamh faoin gceist agus ghlac Seanad na hOllscoile…

FAOI EARRACH na bliana 1910, bhí Mac Néill agus de Híde sásta géilleadh beag a dhéanamh faoin gceist agus ghlac Seanad na hOllscoile leis nach mbeadh aon ábhar ar leith riachtanach don Mháithreánach sa bhliain 1911 ach go mbeadh an Ghaeilge riachtanach ón bhliain 1912 ar aghaidh agus tá ó shin.

Ag deireadh an fheachtais bhí Conradh na Gaeilge buacach ach spionta: cairde caillte, timirí éirithe as, naimhde déanta, craobhacha ag titim as a chéile, sagairt iompaithe ina n-aghaidh agus an tíocht isteach airgid ón bpobal laghdaithe. De bharr an fheachtais bhí ar na coláistí a bhíodh ag freastal ar an Catholic Snobocracy, an Ghaeilge a chur ar an gcuraclam meánscoile.

Bhí bua bainte amach ag an gConradh de bharr cath a troideadh go maith agus go crua, bua ar fiú a chomóradh is a aithint an mhí seo, 100 bliain ó tionóladh an t-ollchruinniú i mBleá Cliath ar son na Gaeilge.