Bí ag caint!

BEOCHEIST: LÉIGH MÉ staitistic lom sa nuachtán le déanaí

BEOCHEIST:LÉIGH MÉ staitistic lom sa nuachtán le déanaí. Is cosúil go bhfuil Éire i measc na dtíortha is measa san Eoraip maidir leis an méid daoine a labhraíonn dara teanga.

Dar le suirbhé a rinne an Coimisiún Eorpach, ina raibh 27,000 rannpháirtí, ní raibh ach ceithre thír níos measa ná Éire i dtaca le teangacha iasachta.

Nach náireach an scéal é seo i ndáiríre?

Cén fáth a bhfuil muintir na hÉireann ar nós cuma liom maidir le teangacha?

READ MORE

Tá an dearcadh ann gur leor an Béarla i saol an lae inniu agus go bhfuil an iomarca oibre agus dúthrachta ag baint le foghlaim teanga. Níl sa dearcadh sin, áfach, ach leisce agus aineolas.

Cuireann teangacha le do shaol. Baineann a saibhreas, a cultúr agus a ilghnéitheacht féin le gach teanga agus is seoda iad seo nach bhfaigheann tú ach blaiseadh díobh go dtí go dtéann tú i ngleic i gceart le teanga.

Tá an iliomad rud i gceist leis an saibhreas seo – stair, polaitíocht, litríocht, drámaíocht, seanchas, miteaseolaíocht, ceol, fealsúnacht agus leanann an liosta ar aghaidh. Tá i bhfad níos mó i gceist le teanga ná na focail féin.

Anuas air seo, smaoinigh ar an líonra nua cairde a osclaítear duit trí theanga nua a fhoghlaim. Buaileann tú le daoine nua a bhfuil smaointe agus peirspeictíochtaí difriúla acu. Cuireann daoine nua úire agus beogacht leis an saol.

Má fhanann tú le teanga amháin, ciallaíonn sé sin an-mhinic go bhfuil tú ag fanacht laistigh de chultúr amháin agus dearcadh saoil faoi leith dá bharr.

Mura mblaiseann tú teanga nua, conas a bheidh a fhios agat gurb í do mháthairtheanga an teanga is fearr a oireann duit chun tú féin a chur in iúl?

Is féidir linn sinn féin a chur in iúl i slite difriúla ag brath ar an teanga atá i gceist.

Is minic, mar shampla, a fheiceann tú filí agus scríbhneoirí a scríobhann i dteangacha nach iad a máthairtheangacha iad toisc go n-oireann an teanga eile níos fearr dá bpearsantachtaí agus dá nguthanna liteartha ar chúis amháin nó ar chúis eile.

Tugann teangacha deis duit níos mó tairbhe a bhaint as ócáidí éagsúla sa saol.

Ba chúis áthais dom an oiread sin teangacha éagsúla a chloisteáil timpeall Bhaile Átha Cliath le déanaí agus an Chomhdháil Eocairisteach Idirnáisiúnta ag dul ar aghaidh. B’ócáid í seo ina raibh an t-ilteangachas lárnach. Reáchtáladh Aifrinn i dteangacha éagsúla timpeall na cathrach.

Feictear domsa go mbainfeá i bhfad níos mó as ócáid mar seo dá mbeifeá in ann labhairt le daoine eile ina dteangacha dúchais seachas a bheith ag brath ar an mBéarla i gcónaí.

Ba dheas an rud é go raibh an Ghaeilge le cloisteáil cuid mhaith san Aifreann deiridh. Chuir sé seo leis an gceiliúradh agus thug sé blaiseadh do na hoilithrigh idirnáisiúnta dár gcultúr saibhir Gaelach.

Agus mé ag tagairt don Ghaeilge, reáchtáladh ócáid fíordheas i mBaile Átha Cliath i mbliana ina ndearnadh ceiliúradh ní hamháin ar an nGaeilge ach ar an bhFraincis freisin. Tionscadal Piaf-Brel atá i gceist agam. Cuireadh ar siúl i nDún Laoghaire í le linn sheachtain na Gaeilge.

Oíche álainn a bhí ann ina raibh an Ghaeilge agus an Fhraincis fite fuaite le chéile. Bíodh is go raibh an-chuid daoine i láthair ag an taispeántas seo, ba thrua é nach raibh a thuilleadh daoine in ann taitneamh a bhaint as an ócáid chorraitheach seo.

Bhí scoth na hamhránaíochta, an cheoil agus na filíochta le cloisteáil ann agus taispeánadh go beacht conas a athraíonn an teachtaireacht agus an ton uaireanta nuair a athraíonn tú ó theanga amháin go teanga eile.

Bíonn go leor ócáidí deasa den chineál seo ar fáil duit nuair a thapaíonn tú an deis dul i mbun teangacha.

Ag léim ó thaobh sóisialta go taobh praiticiúil den cheist seo, ar smaoinigh tú riamh ar na deiseanna oibre a chuirtear os do chomhair agus teanga eile agat? Leathnaíonn tú do dheiseanna fostaíochta láithreach nuair a fhoghlaimíonn tú teanga.

Déantar síorthrácht na laethanta seo ar an tábhacht a bhaineann le teangacha agus sinn ag iarraidh comhlachtaí idirnáisiúnta a mhealladh chun na tíre chun daoine a fhostú anseo chomh maith le táirgí a dhíoladh do chomhlachtaí idirnáisiúnta thar lear.

Beidh Éire ag brath níos mó agus ní mó amach anseo ar an infheistíocht idirnáisiúnta agus níl aon amhras ach go mbeidh dara teanga ina buntáiste ollmhór ag oibrithe agus iad ar thóir oibre.

Ní beag an tábhacht a bhaineann le teangacha. Is sochaí ilchultúrtha anois sinn agus caithfimid dul i ngleic leis an gcasadh taoide seo.

Ní foláir dúinn mar náisiún athmhachnamh a dhéanamh ar an dearcadh atá againn i leith teangacha agus fáilte a chur roimh an ilteangachas. Tá sé mar dhlúthchuid dár sochaí anois.