Ar lorg na nGael

TÁ Na Gaeil Óga, cumann lán-Ghaelach de chuid an CLG i mBaile Átha Cliath, ar lorg imreoirí úra le foirne nua peile agus iomána…

TÁ Na Gaeil Óga, cumann lán-Ghaelach de chuid an CLG i mBaile Átha Cliath, ar lorg imreoirí úra le foirne nua peile agus iomána a bhunú.

Dúirt cathaoirleach an chumainn, Daithí de Buitléir, go raibh foirne peile d’fhir agus do mhná bunaithe ag an chlub cheana féin agus bhí siad ag súil le foireann iomána a chur chun páirce.

Bhí borradh faoin chumann agus bhí sé sásta gur bhain siad a spriocanna amach i 2011. Mar sin féin, chuirfeadh siad fáilte is fiche roimh dhaoine a raibh spéis acu sa Ghaeilge nó sna cluichí Gaelacha páirt a ghlacadh in imeachtaí an chlub – bíodh sin mar imreoir nó mar bhainisteoir nó eagraí.

Eolas: cumannclg@gmail.com