Ar lorg airgid leis an teanga a chur chun cinn

Tuarascáil: Eagraíocht eile Ghaeilge. Nach bhfuil barraíocht ann cheana féin? a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide

Tuarascáil:Eagraíocht eile Ghaeilge. Nach bhfuil barraíocht ann cheana féin? a scríobhann Máiréad Ní Chinnéide. Trí cinn agus fiche atá cláraithe faoi láthair ag Comhdháil Náisiúnta na Gaeilge agus gan tuairim ag an ghnáthphobal faoina mbíonn ar siúl ag a leath acu.

Is í an phríomhdhifríocht idir an eagraíocht nua, An Mheitheal Straitéise Taighde agus Tionscnamh (MSTT) agus na heagrais eile Ghaeilge nach mbeidh MSTT ag brath ar an Stát chun a gcuid aidhmeanna a chur i gcrích.

Ag cruinniú in Óstán Mont Clare i mBaile Átha Cliath Déardaoin seo caite, fógraíodh bunú MSTT agus bunú Fhondúireacht na Gaeilge a bhfuil sé mar aidhm léi airgead a bhailiú chun an taighde agus na tionscnaimh a dtugann MSTT fúthu a mhaoiniú. Dúirt cathaoirleach MSTT, Breandán Mac Cormaic, go raibh gluaiseacht na Gaeilge faoi láthair, seachas Gael Linn, ag brath go hiomlán ar an Stát agus gur chuir sé seo teorainn lena cuid oibre; ba é an Stát a leag síos indéantacht na dtionscnamh a bheartaigh siad.

Thart faoi 60 duine a bhí i láthair ag an chruinniú agus bhí daoine ina measc a bhí sean go leor chun cuimhne bheith acu ar an am ar thug Gael Linn dúshlán an Stáit agus a chuaigh i mbun tionscnamh éagsúil chun a thaispeáint don Rialtas agus don phobal á bhféadfaí a dhéanamh chun an Ghaeilge a chur chun cinn dá gcuirfí i gceart chuige.

READ MORE

Tá faoi Fhondúireacht na Gaeilge dul i mbun feachtas náisiúnta agus idirnáisiúnta chun maoiniú a lorg do scéimeanna a mheasfaidh MSTT bheith ag luí isteach lena n-aidhmeanna.

Airgead mór atá uathu, ó dhaoine agus ó dhreamanna saibhre a thugann airgead do charthanachtaí. Dúirt Mac Cormaic gur thóg sé blianta dul i bhfeidhm ar na daoine seo.

Beidh siad ag brath ar dheontas ón ghnáthphobal chun costais an fheachtais a chlúdach san idirlinn, costais a mheastar bheith thart faoi €150,000.

"Tá Inmharthanacht na Gaeilge ag Brath Ortsa" atá scríofa ar bhileoga iarratais le haghaidh orduithe seasta bainc a tugadh amach ag an gcruinniú ach dúradh fosta go nglacfaí le tabhartas nó tiomnacht aon uaire.

"An Ghaeilge: Bás nó Beatha?" ba theideal don chruinniú. Ba léir ón chaint a thug Donncha Ó hÉalaithe, léachtóir in Institiúid Teicneolaíochta na Gaillimhe/Maigh Eo gur ag saothrú an bháis atá an Ghaeilge sa Ghaeltacht. Dhírigh sé aird an lucht éisteachta ar an tsuirbhé is deireanaí a léirigh nach mbíonn ach 24 faoin gcéad de dhaoine óga sa Ghaeltacht sásta Gaeilge a labhairt lena gcairde.

'Gaeilgeoirí' a dhéanamh de na hinimircigh an moladh a bhí ag uachtarán an Bhiúró Eorpaigh do Theangacha Neamhfhorleathana, Neasa Ní Chinnéide. An féidir cur ina luí orthu gur chun leasa a bpáistí Gaeilge bheith acu?

Ach seachas a chur ina luí ar an chruinniú go raibh an Ghaeilge i mbaol, níor léir cad iad na tionscnaimh a raibh MSTT ag lorg airgid dóibh. Luadh taighde agus straitéisí agus níl dabht ar bith ná go bhfuil géarghá lena leithéid.

Má táthar ag iarraidh airgead a bhailiú ón phobal chun an obair a mhaoiniú ní mór eolas níos cinnte a thabhairt dóibh. Ní raibh sa chruinniú ach tús agus beifear ag súil go mbeidh níos mó eolais le fáil de réir a chéile. Mura mbíonn de thoradh air ach cur chuige nua a thaispeáint do na húdaráis sin a bhfuil cúram na Gaeilge orthu faoi láthair, níor bheag sin.

'Leochaileach'

Tá an Ghaeilge "ag staid chriticiúil, leochaileach mar theanga phobail sa Gaeltacht" de réir athbhreithniú bliantúil Údarás na Gaeltachta don bhliain 2007.

Thug an t-eagras le fios go raibh dúshláin rompu agus gur chuir siad fáilte roimh chinneadh an Rialtais Coiste Comhairleachta a bhunú le "gníomhphlean comhtháite a aontú taobh istigh de bhliain d'fhonn todhchaí na Gaeilge mar theanga phobail na Gaeltachta a dhaingniú.

"Tá tátail agus moltaí an staidéir á scrúdú ag an Údarás mar bhunús d'aighneacht a chuirfear ar fáil don Roinn Gnóthaí Pobail, Tuaithe agus Gaeltachta i rith na míonna seo romhainn."

Leanfaidh an tÚdarás de thionscnaimh teanga, dírithe ar an Ghaeilge a chothú, lena gcuid cliantaí. Bhí 31 Ionad Seirbhísí Teanga bunaithe acu agus rinne níos mó ná 1,200 duine fásta freastal ar chúrsaí Gaeilge in 2007; ba rannpháirtithe ar an chúrsa Teastas Eorpach na Gaeilge 80 faoin gcéad acu sin, teastas creidiúnaithe d'fhoghlaimeoirí. Bronnadh na chéad teastais le linn 2007.

Creideann an tÚdarás go bhfuil forbairt na hollscolaíochta trí Ghaeilge riachtanach dá straitéis le céimithe a sholáthar don fhórsa saothair agus le spreagadh a thabhairt d'fhiontraithe nua Gaeltachta: "Cinntíonn sé chomh maith go mbeidh rochtain ar oideachas tríú leibhéal trí Ghaeilge ar fáil sa Ghaeltacht, rud a chiallóidh go mbeidh tionchar dearfach teangeolaíochta agus socheacnamaíochta ar na pobail sin ina bhfuil na hionaid agus na cúrsaí lonnaithe. Ina chuideachta sin, tá fostaíocht d'ardchaighdeán á cruthú agus á cur ar fáil sna hionaid seo."

Tháinig borradh faoin ollscolaíocht trí Ghaeilge agus faoi líon na gcúrsaí. Bhí tuairim is 500 mac léinn ag freastal ar chúrsaí acadúla le linn 2007/2008 agus iad ag dul do dhioplómaí, chéimeanna agus iarchéimeanna.

Ba é Acadamh na hOllscolaíochta Gaeilge, Gaillimh, a bhí ag cur bunús na gcúrsaí ar fáil ar a gcuid campas ar an Cheathrú Rua agus i gCarna, Co na Gaillimhe, agus i nGaoth Dobhair, Co Dhún na nGall. Agus bhí Institiúid Theicneolaíochta Phort Láirge (WIT), Institiúid Theicneolaíochta na Gaillimhe/Mhaigh Eo agus Ollscoil Uladh ag soláthar cúrsaí creidiúnaithe fosta.

Chuir an tÚdarás tús le cur chuige nua in earnáil na turasóireachta. Choinnigh siad "Gaelsaoire" mar bhranda agus uirlís margaíochta ach chuir siad béim ar thacaíocht mhaoinithe a chur ar fáil do lucht seirbhísí turasóireachta le go ndéanfadh siad féin a gcuid margaíochta.

Shocraigh siad ar thacaíocht a thabhairt d'fhéilte áitiúla a raibh cumas fáis iontu agus sé cinn de thograí eiseamláireacha a fhorbairt thar tréimhse trí/ceithre bliana. Thug siad maoiniú do chomharchumainn agus chomhlachtaí pobail le cur ar a gcumas áiseanna áitiúla ar nós siúlóidí agus ionaid phicnic a fhorbairt.

Chruthaigh an tÚdarás 1,038 post nua le linn 2007, rud a chiallaigh go raibh 8,026 fostaithe go lánaimseartha ag cliantaí dá gcuid. Ba é an chéad uair é ó 2001 go raibh os cionn 8,000 duine fostaithe ag cliantchomhlachtaí. Léirigh na figiúirí go raibh "fás leanúnach ar an fhostaíocht san earnáil seirbhísí ach go raibh an earnáil traidisiúnta déantúsaíochta fós ag dul i léig".

Sult cathrach

Beidh an chéad Chlub Sult eile ar siúl san oíche amárach i The Vaults (www.thevaults.ie), atá in aice le stop Luas Stáisiún Traenach Uí Chonghaile agus leis an IFSC, Baile Átha Cliath. Beidh an oíche ag tosú le tráth na gceist boird ag 8pm. Foireann idir triúr agus cúigear a bheas ann agus ní gá go mbeadh foireann agat roimh ré.

Tá costas €5 an duine air seo agus saorchead isteach go dtí Club Sult ina dhiaidh sin. Beidh ceol ón ghrúpa Klezmer, Yurodny, agus cuirfidh Grúpa Tí Sult deireadh leis an oíche ina dhiaidh sin. Cead isteach: €7 (mic léinn: €5). Eolas: 01-6753658 nó www.clubsult.com.

bunúsbasis - comhtháite integrated - leochaileachsensitive - gníomhphleanaction plan - staidcondition - tátalinference.