An tAigean Oileanach

An Peann Coitianta: BAINEANN an t-eagrán nua de An tOileánach m'anáil díom

An Peann Coitianta: BAINEANN an t-eagrán nua de An tOileánach m'anáil díom. Caithim stad ó am go ham chun ligint do na habairtí a mbíonn sciatháin fúthu, tuirlingt. Níor lán go dtí é. A leithéid d'áilneacht.

Tá saothar ealaíne ar crochadh os comhair na súl, solasmhar, glé, ar shlí nach bhfacamar go dtí seo é. An veairnis agus an bhruiseáil scuabtha chun siúil ag Seán Ó Coileáin agus a mheitheal.
Deilbhithe i bhfráma nua. Go míorúilteach idir na lámha. Ní fhacamar An tOileánach faoina chulaith neamhdha go dtí anois. Ní lú a chonaiceamar an Criomhthanach, ealaíontóir eachtardhomhanda, Van Gogh ar a chéill. Níl aon cheart ag a leithéid a bheith ar an saol.

Rud is measa, tá fhios aige é. Bíonn na déithe ag magadh chugainn, go deimhin. Níl ionainn-ne ach spreasáin. Agus fós é bheith ina dhaonnaí, míthrócaireach geall leis de.

Eachtra na bportán agus na mban óg i dteannta an Rí, ár mbeirt lomnocht sa tsáile, an teallaireacht idir an Criomhthanach óg agus bean na faille, an bhfuil a leithéid eile againn ó aimsir Mis agus Dubhrois?

READ MORE

Tá Tráigh Bhán agus Dumhach Thrá litríocht an 20ú haois in Éirinn - i gcead do Bhloom - ar comhtharrac. Ag tarrac ar na maidí amháin, is léir, a bhíodh an Criomhthanach. Más fíor do Sheán Ó Coileáin ina réamhrá é, tá mallmhuir bhuan anois ar an dTráigh Bhán: "Cuid mhór thábhachtach de stair na Gaeilge agus de stair an Stáit, agus dá raibh de dhóchas as a chéile acu, is ea An tOileánach.

"Is as a fáisceadh sinn; is ann a chuireamar aithne orainn féin ar chuma ná déanfaimid arís go deo mar go bhfuiul ré sin na húire i leataoibh agus nách féidir an saol ná an aisling a chur ar bun arís an athuair".

Níl aon dóchas ansan.

Agus fós, is é an t-aistriú ón dTráigh Bhán go Dumhach Thrá an t-aon dóchas atá againn. B'fhéidir gur dhá chreat, dhá mhúnla nach luífidh le chéile ná ina chéile go deo iad. Ní obair d'adhlacóirí ná do lucht mortlaíochta é.

Bhíodar san i gceist nuair a aistríodh an scríbhneoir Pádraig Ua Maoileoin 'Paidí an Dúna' ó Dhún Chaoin, mar ar cailleadh ina leabaidh é, go dtí Glas Naíon an oíche a seoladh An tOileánach.

Níor chuaigh an teidhmeáil i gan fhios dúinn. "Nothing became him like his going". Na hAird ó Thuaidh le Paidí an leabhar is mó dá leithéid lena linn, sna 1960í déanacha, ar bhaineas-sa sásamh as. Bríde Bhán ina dhiaidh sin. Dhearbhaíodar, ar chuma éigin, go raibh mo leithéidse ar an mbóthar ceart. Siar. Chun na Gaeltachta. Isteach i mbaclainn na litríochta.

Pé rud ba bhrí le litríocht, ach an saol ar aon nós. Paidí ag iarraidh anáil na beatha a shéideadh i gcorp calctha mná, a mháthair faoi chlár in aois a naoi mbliana, í á caoineadh tar éis bháis ar an ochtú leanbh.

Paidí romhainn i mBaile Átha Cliath, ar stáitse le hais an chuntair i gClub an Chonartha. Paidí a d'aimsigh an scamhard ina pheann an athuair i Fonn a Níos Fiach.

Paidí a d'fhág An Foclóir Beag, seoid, againn. Paidí, a bhfuilimse buíoch de mar gheall ar Allagar na hInise, ach gur léir anois nár mhór eagrán iomlán coigeartaithe den Allagar a chur amach.

Agus fós mór eile, Brian Ó Ceallaigh, an té is mó ó thosach deireadh a shaothair a nochtann an Criomhthanach a ghrá dó:

Táim féin go dubhach i ndiaidh mo scriúirse (sic) d'fhear ghrámhar

D'fhág bánta an Bhlascaeid Mhóir

Tá faoin bhfarraige siar go dian trí lá anois

Ó bhánta an Bhlascaeid Mhóir...

Allagar II

SCÉAL grá idir beirt fhear chomh maith le gach aon ní, is ea an caidreamh idir an Criomhthanach agus an Ceallach. B'fhéidir go deimhin, scéal hóma-earóiteach.

Baintreach fir, Blascaodach, agus iarchigire scoile, spiaire Breataineach más fíor, ar thiomáin a chráiteacht ghnéasach chun an Bhlascaoid i dtosach é agus a dhrochshláinte ar aghaidh chun na Mór-Roinne an athuair é.

Bás i Split san Iúgslaiv a bhí, an Chróit anois, i ndeireadh 1936 cúpla mí sular cailleadh an Criomhthanach féin.

An scéal a insíonn Muiris Mac Conghail i The Blaskets a Kerry Island Library a fhanann sa chuimhne: Séamas Ó Duilearga, béaloideasóir, ar a shlí ó Bheirlín go dtí an Danmhairg chun bualadh lena chomhghleacaí Carl Von Sydow.

Ó Ceallaigh ar ardán an stáisiúin, Ó Duilearga agus a cheann amach an fhuinneog traenach ag caint leis faoin mBlascaod. Rómánsúil, b'fhéidir, ach fíor leis ina chuid uaignis. Agus tadhall, ar chuma éigin aduain, á dhéanamh aige leis an ndíbeartach Joyce.

Cuirfead mo cheann aníos arís nuair a bheidh deireadh déanta agam ag tumadh san Aigéan Oileánach.