‘An bhailbhe’

TÁ AN grúpa Fondúireacht na Gaeilge le seimineár ar “Rialachas, Idé-eolaíocht agus Dlí-eolaíocht” a reáchtáil in óstán an Camden…

TÁ AN grúpa Fondúireacht na Gaeilge le seimineár ar “Rialachas, Idé-eolaíocht agus Dlí-eolaíocht” a reáchtáil in óstán an Camden Court, Baile Átha Cliath, Dé hAoine agus Dé Sathairn.

Labhróidh an scríbhneoir agus colúnaí, Alan Titley, ar “An Bhailbhe i lár an Bhladair: Ionad na Gaeilge sa Saol Poiblí” oíche Aoine ag 7.45pm.

Beidh clár iomlán cainteanna ann Dé Sathairn. Labhróidh an t-iriseoir Harry McGee ar “Idir Daoirse agus Saoirse – Staid na Tíre ag druidim i dtreo 2012” agus an t-abhcóide Séamus Ó Tuathail ar “An Ghaeilge agus an Bunreacht”.

Ar na cainteoirí eile, beidh iar-ollamh le hoideachas ar Choláiste na hOllscoile, Corcaigh, Áine Hyland; an léachtóir le dlí Tom O’Malley agus an t-iriseoir, Eoin Ó Murchú.

READ MORE

Is í an craoltóir le Raidió na Gaeltachta, Máirín Ní Ghadhra, a osclóidh an seimineár go hoifigiúil oíche Aoine ag 7.30pm.


Eolas: eolas@fnag.ie